Is é an fíorghrá in áit an rómánsúlacht téama an dáin
seo. Tá an file, Nuala Ní Dhomhnaill, ag déanamh mug magadh ar an románsúlacht,
foirfeacht agus dathúlacht atá le feiceáil sna hamhrán agus sna dánta grá. Teastaíonn
uaithi an difríocht idir an grá
rómánsúil agus an fíorghrá a léiriú dúinn.
I rann a haon déanann an file tagairt do shamhail
as an amhrán grá Mainistir na Búille “Tá mo ghrá-sa
mar bhláth na n-áirní a bhíonn ar an Droighneán Donn.” Bréagnaíonn sí an ráiteas seo (finds the
statement false). Níl a stór féin cosúil
le bláth bán na n-airní, foirfe, gan locht agus gan fadhb. A mhalairt (opposite) atá fíor is gnáthfhear
é le lochtanna agus fadhbanna.
I rann a ceathair baineann an file úsáid as samhail
le cur síos a dhéanamh ar
ghruaig a fear. Níl aon cosúlacht idir é agus gruaig mín síodúil. Is mó cosúil
le sreangán dheilgneach é. Tá sé catach, garbh agus fiáin mar ghruaig cosúil le
gruaig na mná as dán William Shakespeare.
“Agus más slim é síoda
Tá ribí a ghruaige
(mar bhean dhubh Shakespeare)
Ina wire deilgní…”
I rann a cúig léiríonn an file a mothúcháin féin dúinn
go soléir. Is cuma léi faoi dhathúlacht, foirfeacht agus rómánsúlacht a ghrá. Léiríonn sí na rudaí is mó tábhacht di tríd na siombail (meafair) sa rann
seo. Is meafair (siombail) iad na húlla agus na caora finiúna dá
iompar (behavior), dá chineáltas (kindness) agus dá fhlaithiúlacht
(generosity). Tugann sé eolas nó “úlla” di mar a thug an t-úll do Éabha
(Eve) agus nuair a bhíonn áthas air féin tugann sé ríméad (joy) “caora finiúna” di.
Gan amhras, is é an fíorghrá in áit an rómánsúlacht is
téama den dán seo.