5/22/2012

Drugaí sna Cluichí Oilimpeacha


Brú

Teastaíonn uathu bonn óir a bhaint amach. Tá siad tiomnaithe (dedicated) don spórt agus déanann siad dearmad ar an saol taobh amuigh de. Tá siad i bhfáinne fí (vicious cycle).  Teastaíonn uathu feabhsú ach seans nach bhfuil an corp in ann é seo a dhéanamh thar pointe áirithe.  Bíonn siad in éad le rath lúthchleasaithe eile.  Casann siad ar shubsaintí mídhleathacha.  Is nós coitianta é seo (common) sa spórt. Má theastaíonn uathu dul chun cinn a dhéanamh caithfidh siad rogha a dhéanamh, íobairt (sacrifice) ar a am pearsanta nó drugaí a thógáil.  Faraor, roghnaíonn go leor drugaí a thógáil in áit glacadh le bonn airgead. Ina measc ............................................................  Tarraingíonn sé drochcháil ar na Cluichí Oilimpeacha agus ar an spórt.

5/14/2012

Bean Uí Chathasaigh


Is duine tiarnúil (domineering) ar a cuid páistí í Bean Uí Chathasaigh.  Cloiseann muid  Máire ag tagairt di (referring to her) le linn di a bheith ag comhrá le Pádraig. Deir Máire dhá rud faoin a Máthair sa radharc seo - nach ligeann sí di dul amach ar rincí agus - go ndeir sí go mbeidh Máire ag dul sna mná rialta,

'….. is amhlaidh is dóigh léi go rachaidh mé sna mná rialta'.

Léiríonn an dá rud seo an srian teann atá ag Bean Uí Chathasaigh ar shaol a hiníne  ní hamháin i láthair na huaire ach sa todhchaí freisin. Ní bheidh rogha ar bith ag Máire i gcúrsaí gairme (post) ach rogha a máthar di. Bhí saol crua ag Bean Uí Chathasaigh.. Fágadh ina baintreach (tá a fear céile marbh) í, b'éigean di (bhí uirthi) na páistí a thógáil léi féin,

' … gan duine a thógfadh lámh chun cuidiú liom. … mo cheann agus mo dhroim crom ó mhaidin go hoíche ag obair agus luain dóibh'

Bíonn sí anuas ar na páistí. Tugann sí amach do Liam toisc go bhfuil sé ag iarraidh a bheith ag siúl amach le Beití de Búrca. Aithníonn na mic go bhfuil sí dian orthu ach go háirithe ar Mháire,

' …….. is déine í ar Mháire ná ar an bheirt againn'. (G7 R7)

Ní thugann sí mórán saoirse do dhuine ar bith acu. Níl ceachtar den bheirt mhac láidir go leor le cur ina haghaidh; taobhann siad léi nuair  a thagann an crú ar an tairne,

'….. Bhí an ceart ag Mam. Bhí an ceart ar fad aici.' (G1, R7).

 Fágtar Máire gan duine ar bith aici nó gan áit ar bith le dul.

Is duine diagrasúil (sanctimonius) í. Casann an lucht éisteachta ar Bhean Uí Chathasaigh don chéad uair i Radharc 4 den chéad Ghníomh (G1, R4) agus í os comhair na cúirte á ceitsiú ag Aturnae 2.

Séanann sí go huile agus go hiomlán 'aon phioc den mhilleán' a ghlacadh uirthi féin.

Ina tuairim féin tá sí creidiúnach (respectable) agus críostaí. Tá sí iomlán cinnte gur chomhlíon sí a dualgais  agus nach bhfuil locht dá laghad uirthi sna cúrsaí seo uilig,

'Thog mise go creidiúnach agus go críostúil í'.

Creideann sí go ndearna sí a chuid dualgaisí gan faille (locht/botúin),

' ... Chuir mé ar an chailín sin an oiliúint is ceart a chur ar chailín críostaí, 'Bhí sí ag dul sna mná rialta'.

De réir dhearcadh na haoise ina mhair sí rinne Bean Uí Chathasaigh gach iarracht a bpáistí a thógáil i gceart, de réir rialacha na heaglaise agus an tsochaí, ach rinneadh neamhaird de (ignored) spioraid na críostaíochta.

Is duine cráifeach (devout) í. Castar orainn í (G1,R7) i gcuideachta a teaghlaigh. Comhlíonann sí nósanna an chreidimh go rialta (an paidrín a rá gach oíche) ach níl mórán de spioraid na Críostaíochta inti.



Déanann sí tagairt do Dhia go minic agus ceapann sí go bhfuil toil Dé á dhéanamh aici,

'Ba é toil Dé m'fhear chéile a thógáil uaim..' / 'Ní haon peaca deireadh a chur le rud neamhghlan - rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine ..' (G1, R4)

Is duine fimíneach (hypocrital) í. Tá sí sásta aon rud a dhéanamh ar son a 'dea-ainm' agus a cuid pleananna a chosaint. Bhí sí go mór faoi thionchar 'tuairim na gcomharsan'.

Ba mhaith léi dul céim níos airde ar an dréimire sóisialta agus ba shin an rud a ghríosaigh í (motivated) chun neamhaird (ignore) a dhéanamh de mhianta (wishes) a páistí agus Máire agus Seán a bhrú i dtreo na heaglaise,

'… Ach is gearr anois go mbeidh toradh gach íobairte le fáil agam., Seán ina shagart, Máire sna mná rialta, agus tusa (Liam) .. i mbun na feirme'. (G1, R7).

Déanann sí iarracht 'deireadh a chur leis an ghin atá fós gan bhreith'. Bheadh sí sásta dá bpósfadh Máire Pádraig a fhad agus go rachaidís go Sasain.

Agus nuair a theipeann ar gach rud mallachtaíonn sí Máire agus tugann striapach uirthi. (G1, R7) Tá sí caolaigeantach (narrow minded) agus ceanndána (stubborn). Fiú ag an deireadh an dráma agus í ina seasamh ag béal na huaighe ina bhfuil coirp a hiníne agus a gariníne ní thagann a mhalairt d'aigne (change of mind) uirthi. Tá sí ar an phort chéanna ar a raibh sí ag an tús,

' … Ní ormsa is cóir aon mhilleán a chur. Thóg mise í go creidiúnach agus go críostúil. Cád eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ?'

Ag an deireadh aithníonn sí le gaois an iar-radhairc ( the wisdom of hindsight) nach raibh raibh sí ábalta rogha ar bith eile a dhéanamh.

Bhí an dearcadh aici ar an saol a thug an sochaí as a dtáinig sí di agus níorbh fhéidir léi rud ar bith eile a dhéanamh ach an rud a rinne sí, mar a deir sí féin,

'Cad eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ?'

Trí charachtar Bhean Uí Chathasaigh nochtann sí luachanna shóchaí na linne a raibh tuismitheoirí mar chuid de agus a raibh an chéimíocht ar an dréimire sóisialta níos tábhachtaí dóibh ná gaol grámhar a bheith acu lena bpáistí féin. Cáineann (critisises) Máiréad Ní Ghráda Éire agus Éireannaigh na haoise go láidir.

5/03/2012

An Triail : Ceisteanna Scrúdaithe


1.     “Bíonn dualgaisí (duties) agus freagrachtaí (responsibilities) ag baint le ról na máthar i gcónaí agus is léir gur theip ar (they failed) bheirt máthaireacha maidir leis na gnéithe seo (aspects) dá gcúram (care) sa dráma seo”  Déan plé ar an ráiteas sin.

 2. Tionchar (influence) an imní agus an náire ar imeachtaí (events) an dráma An Triail a phlé.             

3. “Ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán (blame) a chur” Déan plé ar an ráiteas sin 

4. “Fásann príomhchoimhlintí (conflicts) an dráma as lochtanna nó duáilcí (faults) daonna (daoine) sa dráma An Triail.”  Déan plé ar an ráiteas seo. 

5. “Léiríonn na pearsana Pádraig agus Mailí dhá thaobh contrártha (difriúil) den saol inar mhair Máire Ní Chathasaigh.” Déan plé ar an ráiteas. 

6. “Tugann an Triail léargas dúinn (a viewpoint) ar na bealaí (ways ) ar chaitheadh le (treated) máthair singil sna seascaidí.” Déan plé ar an ráiteas.


An Triail: Cé atá ciontach?

An Triail - Cé tá ciontach ?

Is í Máire Ní Chathasaigh príomhcharachtar an dráma An Triail. Cailín simplí soineanta neamhurchóideach tuaithe atá inti nuair a chastar orainn í sna hiar-radharcanna go luath sa chéad ghníomh den dráma.
Socraíonn a máthair a saol di agus deir sí le Pádraig go bhfuil sí ag dul isteach sna mná rialta toisc go ndúirt a máthair go raibh sí le sin a dhéanamh. Níor chaith sí mórán ama ag rincí roimh an oíche sin i dteach na scoile de thairbhe nár lig a máthair di dul amach ar rincí. Níl mórán de thaithí saoil aici agus í fosta go mór faoi thionchar a máthar.
Is doiligh a chreidiúint go dtiocfadh le duine a bheith chomh mór sin faoi thionchar duine eile ach is fiú a chur san áireamh ag an phointe seo agus sinn ag plé le carachtair An Triail nach mbíonn siad forbartha mar a bheadh carachtair i ndráma fada nó in úrscéal.

Is minic nach mó ná gearrthóga cairtchláir iad dáiríre a mbíonn cúpla tréith ar léith acu ach gur minic gur tábhachtaí a sheasann siad dó ná an carachtarachtaí féin. Is minic ann dóibh le gné morálta a shoiléiriú don lucht éisteachta.
Ach mar sin féin tá an misneach aici dul in éadan toil a máthar agus glacadh leis an chaidreamh le Pádraig. Tá sé furasta ag léithéidí Phádraig cailín mar Mháire a mhealladh lena chuid focal fileata,

'Feach solas na gealaí ag déanamh airgead geal leáite d'uisce na habhann'.

Titeann sí faoi dhraíocht a bhréaga,

…… Leis an bhfáinne seo déanaim tú a phósadh …. Anois, táimid pósta. Is tú mo bhean feasta. Is tú mo bhean chéile …..'

Cuireann Pádraig dallamullóg uirthi agus níl aon chosaint aici air. Lúbann sé agus múnlaíonn sé í lena thoil féin. Nuair a éiríonn Máire torrach fágtar san fhaopach í go huile agus go hiomlán. Níl duine ar bith ann le grá nó tacaíocht a thabhairt di.
Amhail a deartháireacha, séanann a máthair féin a dualgaisí i léith Mháire.

' … ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur.'

Chan amháin sin ach déanann sí iarracht deireadh a chur leis an ghin atá fós gan breith. Lig an teaghlach, buninstitiúid an tsochaí Éireannaigh mar a bhí ag an am agus bunchloch na hEaglaise Caitlicí leis, síos í gur fágadh í gan chara gan chosaint ag bráth uirthi féin.
Fágann an sochaí a mhúnlaigh í le bheith in díol íde ag an chéad fhear a tháinig a bealach ar an bhlár folamh í. B'fhearr leis an sagart cloí leis na rialacha ná grá Dé a léiriú don chailín sa riocht ina bhfuil sí.

Ach is duine misniúil dílis í Mháire agus fís aici ina fheiceann sí í féin, Pádraig, agus an leanbh atá á iompar aici le chéile san am atá roimpi. Tugann an fhís seo an misneach di le cúl a thabhairt ar a teaghlach agus ar a cheantar féin,

' … An ród atá romham caithfidh mé aghaidh a thabhairt air i m'aonar.'

Tá sé de mhisneach aici dul in aghaidh chomhairle shearbhónta an Stáit atá gan tuiscint di agus diúltaíonn sí a leanbh a thabhairt uaithi chun uchtaithe. Tá Máire sasta cónaí anaithnid agus jab a ghlacadh i monarcha greim a choinneáil ina béal féin agus i mbéal a linbh.
I ndeireadh na dála déanann sí cinneadh morálta a ghlacann iomlán a chuid misnigh - roghnaíonn sí an bás dá leanbh agus di féin ina áit maireachtáil i sochaí nach bhfuil sásta grá teaghlaigh grá leannáin, tacaíocht daonna, nó aitheantas oifigiúil a léiriú di mar mháthair a linbh féin. Dúntar gach doras ina haghaidh de phlab.
Nach íoróineach atá sé gurbh í an striapach, Mailí, agus an t-amadán Seáinín an Mótar atá ina dhíol magaidh ag na striapaigh iad féin, an bheirt atá ag fíorbhun an dréimire sóisialta an t-aon bheirt sa sochaí a léiríonn grá críostúil di. Is léir do Sheainín an riocht ina bhfuil sí,

'Cé a deir gur tír chríostaí í seo ?' (lch. 75)

Má tá guth an drámadóra le cluinstin sa dráma seo is é Seáinín a labhrann ar a son,

'Agus na mná sin ag faire ort agus gan barr méire á ardú ag aon duine acu chun fóirithint ort …' (lch. 75)

Níl fócas an dráma go huile agus go hiomlán ar thragóid an phríomhcharachtair, sceitear an solas ar an teaghlach, ar an fhear, ar an Eaglais, agus ar an Stát.
Ní Máire Ní Chathasaigh atá ar ardán na fiannaise ach an sochaí as ar eascair sí, an sochaí a mhúnlaigh í le

' … bheith ina hóinsín beag ghéilliuil ag aon fhear.'

Tuigeann an lucht éisteachta cé tá ciontach sa '…. ghníomh gránna, danartha, gníomh a iarrann díoltas ó Dhia, agus ó dhaoine.'

4/04/2012

Seanfhocail

is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt = every cloud has a silver lining
níl aon tinteán mar do thinteán féin = thers no place like home
is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán = he/they are out for themselves
is de réir a chéile a thógtar na caisleáin = it takes time/step by step
is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine = people live in each others shadow
nuair a bhíonn an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh  = when the drink is in sense is out
mol an óige agus tiocfaidh sí = praise youth and she will prosper
bíonn an fhírinne searbh = the truth is bitter/hard to take
an té a bhíonn thuas óltar deoch air an té a bhíonn thíos buailtear cos air = he who is doing well is drank to he is is not is kicked
ní bhíonn saoi gan locht = no-one is without fault
is fearr na sláinte ná na táinte  = health is better than wealth
filleann an feall ar an bhfeallaire = karma = evil returns to the evil doer
ní thagann ciall roimh aois = sensei doesn't come before experience / age
is glas iad na cnoic a  bhfad uainn = far away hills are greener
taithí a dhéanann máistreacht = experience makes skill
tús maith leath na hoibre = a good start is half the work
fág an drochsceal san áit a fuair tú é = don't gossip = leave the bad story where you heard it

4/01/2012

Nathanna Cainte

Gan trácht ar = not to mention
tuilleadh = more
a thuilleadh = anymore
ar a laghad = at least
chun an fhírinne a rá = to tell you the truth
i ndáiríre = seriously
ar aon nós = anyway
ar ámharaí an tsaoil = luckily
le cúnamh Dé = hopefully
Tá súil agam = i hope/expect
Táim ag tnúth le / táim ag súil le = i'm looking forward to
Tá an t-ádh liom = i'm lucky
Tá an t-ádh dearg liom = i'm really lucky
ar chuma ar bith = anyway
Thig liom = is féidir liom = i can
is furasta = it's easy
is doiligh = is deacair = it's difficult
mar sin = therefore
beagán = a little
mórán = a lot
an iomarca = too much
os rud é go bhfuil = since it is
le fada = for ages
le gairid = recently
le hais = in comparison to
siar = back/west
ar chúl = back
chun tosaigh = forward
a leithéid = anything like it
is gá ...... = it's needed
is fíor sin = thats true
ní féidir é a shéanadh ach go bhfuil = it cannot be denied that .....