3/20/2012

Áiseanna Spóirt


Níl na háiseanna spóirt thar mholadh beirte (not great) i gColáiste Pobail Acla faraor (unfortunatly).  Tá cúirt cispheile agus seomraí feistis againn ceart go leor.  Tógadh páirc uile aimsir nua anseo i mbliana (this year) ach thairis sin níl mórán áisteanna spóirt againn i ndáiríre.  Úsáidtear an chúirt agus an pháirc uile aimsir ag am sos agus am lóin ach tá siad ró-bheag le haghaidh seisiún traenála peile. Caithfidh an fhoireann peile úsáid a bhaint as an bpáirc peile áitiúil síos an bóthar.  Is measa ar fad é (its worse) nuair a bhíonn sé ag cur báistí mar níl aon áiseanna faoi dhíon (indoor) againn anseo.  Bíonn ar (has to) an múinteoir corpoideachais na ranganna a bheith aici sa halla tionóil (middle area), áit a chuireann an torann as do (bothers) na gnáthranganna.  Mar gheall ar an easpa spáis ní bhíonn aon ranganna corpoideachais ag na sinsir (seniors). Is mór an trua é i ndáiríre.  Sílim nach bhfuil dóthain (enough) béim ar chúrsaí spóirt sa scoil ar chor ar bith. Mar a deir an seanfhocal is fearr na sláinte ná na táinte.

Mo scoil


Táim ag freastal ar Choláiste Pobail Acla.  Is scoil nua í mar rinneadh coláiste Mhic Éil agus Scoil Damhnait ag tús na bliana. Anois tá thart ar dhá chéad caoga dalta sa scoil.  Is é an tUasal Ó Cillghionnáin an príomhoide agus is í Máistreás Uí Ghallachobhair an leaspríomhoide.  Is í an Maistreás Nic Gabhann an séiplíneach sa scoil nua agus is í an Maistreás Ebbs an gairmtreoraí.   Is scoil réasúnta beag í seo agus tá obair tógála ar siúl i láthair na huaire chun breis seomraí ranga a chur ar fáil.  Tá idir cailíní agus buachaillí ag freastal ar an rang.  Tá seacht n-ábhar á dhéanamh agam don Ardteist Déanaim Béarla, Gaeilge, Mata.......................................agus ...........  Is í/é ............................ mo mhúinteoir .....................agus is é/í mo mhúinteoir ........................
Is maith liom ..........mar faighim marcanna arda san ábhair sin agus táim go maith chuige.  Ní thaitníonn .................liom mar sílim gur ábhar deacair é.
Fraincis  : Taitníonn teangacha liom
Ceimic : Is ábhar an-suimiúil ar fad é
Staidéar Foirgníochta : Ní ábhar deacair casta é.  Sílim gur ábhar éasca é.
bitheolaíocht : Is ábhar dúshlánach (challenging ) é
graific teicniúil : Tá mé go maith chuige = good at it
miotalóireacht : is breá liom an obair phraicticiúil.
staidéar gnó: Tá an-spéis agam mo ghnó féin a thosú amach anseo (in future)
cuntasaíocht = accounting  = Is breá liom a bheith ag plé le figiúirí
tíreolaíocht = is breá liom a bheith ag foghlaim faoin timpeallacht.
Ceisteanna Samplacha
Cé atá i  gceannas (in charge) ar an scoil seo?
An scoil bheag í nó an scoil mhór í?
Cén sórt scoil í seo?
Céard iad na hábhair scoile a dhéanann tú?
An ndéanann tú Fraincis nó Gearmáinis?
Cé na hábhair is fearr leat?
An bhfuil aon ábhar nach dtaitníonn leat?


3/16/2012

Réiteach na Faidhbe


•Tá seans go gcabhródh . . . it would probably help

•Tá gá le . . . = need

•Teastaíonn breis . . . = need more

• B’fhiú breathnú ar . . .its worth looking at

•Ba cheart . .should

Fadhbanna sa Cheantar


•Is ceantar tuaithe é seo agus dá bharr níl an oiread sin fadhbanna sa cheantar seo.  Ach ní shin le rá nach bhfuil aon fhadhbanna sa cheantar seo. 

•I ndáiríre, is fadhb mhór í  ólachán faoi aois anseo agus ar fud na hÉireann is dóigh. Bíonn déagóirí chomh hóg le trí bliana déag ag ól faoin dtor (bush drinking) mar a déarfá.  Goideann siad deoch ón gcófrá dí sa bhaile i ngan fhios dá dtuismitheoirí nó iarrann siad ar dhéagóirí níos sine deochanna meisciúla a cheannach dóibh.  An aidhm (aim) atá acu ná a bheith ar meisce.  Feicim é seo chuile dheireadh seachtaine ar an Mala Raithní nó i gCaol ach ní thagann ciall roimh aois (sense doesn’t come before age) is dóigh.

•Ní fadhb í an ólachán i measc na n-óg amháin. Is minic go bhfeictear daoine fásta agus iad dallta tar éis oíche a chaitheamh sa teach tábhairne.  Sílim gur fadhb í an rágús óil (binge drinking) do chuile aoisghrúpa sa tír seo.

•Is olc liom a rá ach=  i regret to say

•Tá an dífhostaíocht ag dul i méid (increasing) anseo.

B'fhearr liom cónaí sa chathair amach anseo

B'fhearr liom cónaí sa chathair a bhfad mar is ann atá an-chraic agus an spraoi go háirithe agus tú óg.
Ba bhreá liom cónaí i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath nó fiú Nua Eabhrac.
•Thig leat. .. = is féidir leat

•Is féidir leat do rogha rud a dhéanamh agus ni chuireann sé isteach nó amach ar aon duine.

•Thig leat dul chuig imeachtaí éagsúla chuile lá sa tseachtain. Tá an-spéis (suim) agam sa cheol agus d'fhéadfainn dul chuig gigeanna.........!

•Tugann sé saoirse duit.  Bíonn deis agat bualadh le daoine éagsúla agus cairde nua a dhéanamh.
Thig leat foghlaim faoi chultúir eile agus caithimh aimsirí nua a thriáil.

•Níl mé in ann tiomáint go fóill agus sa chathair is féidir siúl chuile áit. Ní chaithfidh tú taisteal le freastal ar imeachtaí.

•Tá fostaíocht (postanna maithe) ar fáil ann.

•Ba mhaith liom a bheith i mo ....... agus is ann atá na deiseanna is fearr. 
Ní bheadh seans agam post a fháil faoin tuath.

Ba mhaith cónaí faoin tuath amach anseo


•Arbh fhearr leat a bheith i do chónaí faoin tuath nó sa chathair ?

•B’fhearr liom cónaí faoin tuath agus ba mhaith liom filleadh ar Acaill agus mé níos sine.

•Mar níl aon tinteán mar do thinteán féin mar a deirtear.

•Tá sé síochánta socair agus tá an t-aer glan folláin.

•Tá sé slán sábháilte agus is furasta a bheith ar do chompord anseo. 

•Baineann an-taitneamh as a bheith mar ball den Cumann Lúthchleas Gaeil agus don bhanna ceoil áitiúil.

•Cloisim na héanacha ar maidin agus nuair a osclaím mo chuid cuirtíní ar maidin tá radharc agam ar.......

•Is breá liom a bheith taobh amuigh...... 

•Réitím go han-mhaith le mo chuid comharsana

•Tá pobal láidir anseo agus tá daoine thar a bheith cabhrach agus cairdiúil.
 
•Tá aithne ag gach duine ar a chéile agus is maith an rud é sin.
Is fíor an seanfhocal "is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" (people live in each others shadows)

Áit Chónaithe


•Tá cónaí orm i ................ ar oileán Acla / i Mala Raithní.

•Is baile fearthainn é faoin tuath.

•Is sráidbhaile beag é atá suite cois trá / cois fharraige / ar bhruach na habhann/ sa ghleann/ istigh faoin tír/ i gcroílár an oileáin / ar an sliabh/ ar an ísealchríoch/ ar an ardchríoch/ sna cnoic/ i lár an phortaigh.

•Is ceantar fairsing é Acaill a shíneann ón Abhainn Dubh ar an mórthír go Ceann Acla ar an oileán.  Nascann Droichead Uí Dháibhéid an t-oileán leis an mórthír. I ndáiríre is geall le leathinis (its like a peninsula) é.

•Tá Inis Bigil amach ó Bhéal an Bhulláin agus tá thart ar cúigear is fiche duine ina gcónaí ar an oileán sin.  Is mó seandaoine ná daoine óga atá ina gcónaí anois ann faraor ach bíonn féile mhór ann le linn an tsamhraidh. 

•Tá an fheirmeoireacht caoraigh an-choitianta sa cheantar mar go bhfuil go leor talamh comónta ar an oileán agus is ann a bhíonn na caoirigh.  Bíonn tréid mhóra ag fánaíocht ar na sléibhte agus is minic gur iad is cúis le timpistí  bóithre. Bíonn taispeántas caoraigh ann fiú sa samhradh.

•Is ceantar mór turasóireachta é Acaill le linn an tsamhraidh agus tagann turasóirí anseo ó chuile chearn den domhan. Tá an tírdreach fíorálainn sa cheantar seo go háirithe ar bhóthar an chósta áit a bhfuil radharcanna drámatúla ar na haillte leis na tonnta ag briseadh thíos fút.  Tá an t-oileán breac le sléibhte chomh maith, Sliabh Mór agus an Mionnán agus tá ionad eachtraíochta (adventure centre) ar an gCaiseal ag íochtar (bun) na sléibhe sin.  Meallann an ghaoth láidir ón Atlantach surfálaithe eitleoige go Caol chomh maith agus gan amhras bíonn na sluaite ag triail ar thránna órga an oileáin.  Tagann an Bealach Glas chomh fada le hAcaill agus is iomaí duine a thagann anseo chun dul ag siúl nó ag cnocadóireacht.
•Tá óstán ceithre réalt ar an Mala Raithní ina bhfuil bialann bhreá. Tá galfchúrsa den scoth ann chomh maith agus ní haon ionadh gur ann a fhanann go leor turasóirí.  Má bhíonn an t-ádh ort feicfidh tú na gabhair fiáine sa sráidbhaile.