4/04/2012

Seanfhocail

is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt = every cloud has a silver lining
níl aon tinteán mar do thinteán féin = thers no place like home
is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán = he/they are out for themselves
is de réir a chéile a thógtar na caisleáin = it takes time/step by step
is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine = people live in each others shadow
nuair a bhíonn an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh  = when the drink is in sense is out
mol an óige agus tiocfaidh sí = praise youth and she will prosper
bíonn an fhírinne searbh = the truth is bitter/hard to take
an té a bhíonn thuas óltar deoch air an té a bhíonn thíos buailtear cos air = he who is doing well is drank to he is is not is kicked
ní bhíonn saoi gan locht = no-one is without fault
is fearr na sláinte ná na táinte  = health is better than wealth
filleann an feall ar an bhfeallaire = karma = evil returns to the evil doer
ní thagann ciall roimh aois = sensei doesn't come before experience / age
is glas iad na cnoic a  bhfad uainn = far away hills are greener
taithí a dhéanann máistreacht = experience makes skill
tús maith leath na hoibre = a good start is half the work
fág an drochsceal san áit a fuair tú é = don't gossip = leave the bad story where you heard it

4/01/2012

Nathanna Cainte

Gan trácht ar = not to mention
tuilleadh = more
a thuilleadh = anymore
ar a laghad = at least
chun an fhírinne a rá = to tell you the truth
i ndáiríre = seriously
ar aon nós = anyway
ar ámharaí an tsaoil = luckily
le cúnamh Dé = hopefully
Tá súil agam = i hope/expect
Táim ag tnúth le / táim ag súil le = i'm looking forward to
Tá an t-ádh liom = i'm lucky
Tá an t-ádh dearg liom = i'm really lucky
ar chuma ar bith = anyway
Thig liom = is féidir liom = i can
is furasta = it's easy
is doiligh = is deacair = it's difficult
mar sin = therefore
beagán = a little
mórán = a lot
an iomarca = too much
os rud é go bhfuil = since it is
le fada = for ages
le gairid = recently
le hais = in comparison to
siar = back/west
ar chúl = back
chun tosaigh = forward
a leithéid = anything like it
is gá ...... = it's needed
is fíor sin = thats true
ní féidir é a shéanadh ach go bhfuil = it cannot be denied that .....


3/28/2012

Na Cluichí Olimpeacha

Níl suim dá laghad agam (no interest) sna Cluichí Oilimpeacha.  Cuireann sé leadrán orm (it bores).  An t-aon rud a bheidh mé ag féachaint air ná an rás céad méadar. Is luthchleasaí den chéad scoth é Usain Bolt agus beidh mé ag tacú leis (support him)

Euro 2012

Tá mé ag súil go mór leis an gcómórtas sacair Euro 2012 a bheidh ar siúl sa Pholainn agus sa Úcráin.  Tá muid tar éis cáiliú (qualifying) don chómórtas don chéad uair le os cionn fiche bliain. Is mór an éacht é sin (its a great achievement).  Faraor ní dóigh liom go n-éireoidh linn dul ró-fhada sa chómórtas. Tarraingíodh muid (were drawn) sa ghrúpa céanna leis an Iodáil, leis an Spáinn agus leis an Croáit. Cibé seans atá againn (whatever chance we have) ina aghaidh na hIodáile agus in aghaidh na Croáite níl seans dá laghad againn (we have no chance) in aghaidh na Spáinne.  Beidh sé ar siúl le linn na hArdteiste faraor agus ní bheidh deis agam féachaint ar na cluichí iad féin.  Ach m'anam (for certain) go mbeidh mé ag breathnú ar na buaicphointí (highlights) agus ar an súil siar (looking back). Bheadh sé iontach dá n-éireoidh le Robbie Keane críochnú ar bhuachpointe agus cúl a scóráil mar gach seans gur a uair deiridh mar captaen atá ann.  Tá an-oiread (so many) daoine ag dul anonn(going over)  agus dá bharr (therefore) tá chuile dhuine ar bís (excited) ag fanacht leis tosú.


3/27/2012

An gceapann tú go bhfuil réiteach ar na fadhbanna?

Is beag réiteach atá ann, feictear domsa. = there is no solution it seems to me
 Muna dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta is in olcas a bheidh na fadhbanna ag dul. = if economics don't improve the problems will get worse

 Síolraíonn cuid mhaith de na fadhbanna ón gcúlu eacnamaíochta. = most of the problems come from the recession
An t-aon réiteach a fheicimse ná fáil réidh leis na polaiteoirí cama agus na baincéirí santacha agus an chaimiléireacht go léir atá ar siúl sa tír seo.  = The only solution is to get rid of the corrupt politicians and the greedy banks and all the corruption that is on in the country.
Ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin agus mar sin ní bheidh réiteach le fáil ar na fadhbanna go léir a bhfuil sochaí na tíre seo scriosta acu. = i don't think that will happen and therefore there will be no solution to the problems that have destroyed the country

An bhfuil a lán fadhbanna ag daoine óga

Tá neart (lots) fadhbanna acu. Fadhb mór í an dífhostaíocht i measc na n-óg mar is eol duit (as you know). Níl a lán postanna ann anois do dhaoine óga agus ní féidir post páirt-aimseartha a fháil ar ór nó ar airgead (for love or money). Ar an ábhar sin ní bhíonn cent rua ag daoine óga (have no money) agus ní haon ionadh é go n-éiríonn siad míshona agus trioblóideach dá réir. Fadhbanna móra iad fadhb an óil agus na ndrugaí, ar ndóigh. Tá cultúr an óil imithe ó smacht i measc na n-óg le blianta beaga anuas. Ólann siad an t-uafás agus is minic iad ar meisce. Déanann an t-ól dochar mór dóibh agus loiteann sé a saol go minic. Ní haon ionadh é go dtosaíonn siad ag troid nó ag ionsaí a chéile. Mar a deir an seanfhocal ‘nuair a bhíonn an braon istigh bíonn an chiall amuigh’! Fadhb eile fós ná fadhb na himirce. Tá a lán daoine óga ag dul ar imirce ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta sa tír seo agus is ag dul in olcas atá sé.

Stór Focail
mar is eol duit = as you know
ar ór nó ar airgead = for love or money
ar an ábhar sin = on that subject
ní bhíonn cent rua ag daoine óga = have no money
ní haon ionadh é = its no surprise
éiríonn siad = they become
ar ndóigh = of course
an t-uafás = a huge amount
déanann sé dochar dóibh = it harms them
loiteann sé = it destroys = scriosann sé
ag ionsaí a chéile = attacking each other
nuair a bhíonn an braon istigh bíonn an chiall amuigh = whena drop (drink)is  in sense is out
is ag dul in olcas atá sé = its getting worse