2/24/2014

Mo Scoil

Mo scoil

Táim ag freastal ar Choláiste Pobail Acla.  Anois tá thart ar dhá chéad caoga dalta sa scoil.  Is é an Máistreás Uí Ghallchobhair  an príomhoide.  Is í an Maistreás Nic Gabhann an séiplíneach sa scoil nua agus is í an Maistreás Ebbs an gairmtreoraí.   Is scoil réasúnta beag í seo agus síneadh nua leis an scoil ag breathnú ó dheas.  Tá idir cailíní agus buachaillí ag freastal ar an rang.  Tá seacht n-ábhar á dhéanamh agam don Ardteist Déanaim Béarla, Gaeilge, Mata.......................................agus ...........  Is í/é ............................ mo mhúinteoir .....................agus is é/í mo mhúinteoir ........................
Is maith liom ..........mar faighim marcanna arda san ábhair sin agus táim go maith chuige.  Ní thaitníonn .................liom mar sílim gur ábhar deacair é.
Fraincis  : Taitníonn teangacha liom
Ceimic : Is ábhar an-suimiúil ar fad é
Staidéar Foirgníochta : Ní ábhar deacair casta é.  Sílim gur ábhar éasca é.
bitheolaíocht : Is ábhar dúshlánach (challenging ) é
graific teicniúil : Tá mé go maith chuige = good at it
miotalóireacht : is breá liom an obair phraicticiúil.
staidéar gnó: Tá an-spéis agam mo ghnó féin a thosú amach anseo (in future)
cuntasaíocht = accounting  = Is breá liom a bheith ag plé le figiúirí
tíreolaíocht = is breá liom a bheith ag foghlaim faoin timpeallacht.
Ceisteanna Samplacha
Cé atá i  gceannas (in charge) ar an scoil seo?
An scoil bheag í nó an scoil mhór í?
Cén sórt scoil í seo?
Céard iad na hábhair scoile a dhéanann tú?
An ndéanann tú Fraincis nó Gearmáinis?
Cé na hábhair is fearr leat?
An bhfuil aon ábhar nach dtaitníonn leat?

1/30/2013

“Mo Ghrá-sa idir Lúibíní”

Téama

Is é an fíorghrá in áit an rómánsúlacht téama an dáin seo. Tá an file, Nuala Ní Dhomhnaill, ag déanamh mug magadh ar an románsúlacht, foirfeacht agus dathúlacht atá le feiceáil sna hamhrán agus sna dánta grá. Teastaíonn uaithi  an difríocht idir an grá rómánsúil agus an fíorghrá a léiriú dúinn.

I rann a haon déanann an file tagairt do shamhail as an amhrán grá Mainistir na Búille “Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní a bhíonn ar an Droighneán Donn.”  Bréagnaíonn sí an ráiteas seo (finds the statement false).  Níl a stór féin cosúil le bláth bán na n-airní, foirfe, gan locht agus gan fadhb.  A mhalairt (opposite) atá fíor is gnáthfhear é le lochtanna agus fadhbanna.

 I rann a dó luann an file an nóinín, bláth álainn bán, siombail na foireachta simplí ach deir sí nach bhfuil baint ar bith ag a grá geal le háilleacht an bhláith sin.  Baineann an file úsáid as meafar anseo chun an fhírinne a theaspáint dúinn. An t-aon uair a bheadh nasc aige leis ná nuair a bheidh sé básaithe (marbh) “ocht dtroigh síos” agus daoine á mholadh go hard na spéire tar éis a bháis. Is ansin a bheadh a thréithe agus a phearsantacht á mholadh ach tuigeann an file nach bhfuil sé foirfe:

 I rann a trí baineann an file úsáid as codarsnacht greannmhar le hinsint dúinn faoi súile a grá geal.  Ní bhíonn sé ag féachaint go rómánsúil isteach ina shúile gorma “ní haon ghlaise ceolmhar iad” agus í faoi draíocht ag ceol an ghrá. Deir sí lom díreach amach linn go bhfuil siad an-ghar dá chéile “ró-chóngarach dá chéile”.  Is íomhá an-ghreannmhar é seo.

I rann a ceathair baineann an file úsáid as samhail   le cur síos a dhéanamh ar ghruaig a fear. Níl aon cosúlacht idir é agus gruaig mín síodúil. Is mó cosúil le sreangán dheilgneach é. Tá sé catach, garbh agus fiáin mar ghruaig cosúil le gruaig na mná as dán William Shakespeare.

 “Agus más slim é síoda

Tá ribí a ghruaige

(mar bhean dhubh Shakespeare)

Ina wire deilgní…”

I rann a cúig léiríonn an file a mothúcháin féin dúinn go soléir. Is cuma léi faoi dhathúlacht, foirfeacht agus rómánsúlacht a ghrá.   Léiríonn sí na rudaí is mó tábhacht di tríd na siombail (meafair) sa rann seo.  Is meafair (siombail) iad na húlla agus na caora finiúna dá iompar (behavior), dá chineáltas (kindness) agus dá fhlaithiúlacht (generosity).  Tugann sé eolas nó “úlla” di mar a thug an t-úll do Éabha (Eve) agus nuair a bhíonn áthas air féin tugann sé ríméad (joy) “caora finiúna” di.

 
…nuair a bhíonn dea-ghiúmar air.. caora fíniúna”

 
Gan amhras, is é an fíorghrá in áit an rómánsúlacht is téama den dán seo.

5/25/2012

Pádraig Mac Suibhne

·        Rugadh Pádraig Mac Suibhne i nDún na nGall sa bhliain 1942.

·        Chuaigh sé le sagartacht agus bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus sa stair in Ollscoil Mhaigh Nuad.

·        Múinteoir iarbhunscoile agus príomhoide ab ea é. 

·        Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige  agus gearrscéalta scríofa aige chomh maith. 

·        Bhí baint mór aige le drámaíocht agus bhíodh sé ag aisteoireacht in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath.

·        Bhíodh páirt aige sa chlár grinn Gleann Ceo chomh maith.

·        Tagann an dán seo ón gcnuasach Solas Uaigneach.

·        Tá an uaigneas agus an moráltacht mar téamaí ina chuid filíochta.

Máirtín Ó Direáin


·       Rugadh Máirtín Ó Direáin in Inis Mór i 1910.

·         D’fhág bás an athar gur bhuachaill goilliúnach (sensitive) a bhí in Máirtín. Sa dán ‘Óige an Fhile’ tugann sé ‘an buachaill aisteach ciúin’ air féin.

·          D’éirigh leis i scrúduithe Oifig an Phoist agus thosaigh ag obair i nGaillimh Eanáir 1928; bhí sé ann go deireadh Iúil 1937.

·         Bhí baint aige leis an Taibhdhearc, amharclann (téatar) i nGaillimh agus bhí páirt aige sa chéad léiriú de Diarmuid agus Gráinne 27 Lúnasa 1928.  Meastar gurbh í an Taibhdhearc a dhúisigh a spéis sa litríocht.

·         Fuair sé post mar oifigeach cléireachais sa státseirbhís i 1937 agus d’aistrigh go Baile Átha Cliath. D’oibrigh sé sa stát-seirbhís ar feadh a shaol.

·         Bhí sé ina bhall de choiste Chumann na Scríbhneoirí óna thús i Meitheamh 1939. Bhí baint aige le Cumann na hÉigse Cois Life. 

·         Ar a chostas féin a foilsíodh na chéad bhailiúcháin dá dhánta, Coinnle Geala, 1942 agus Dánta Aniar, 1943. 

·         Phós sé Áine Colivet i 1945 agus bhí iníon amháin acu, Niamh.  

·         Tá téama an dúchais an-láidir ina chuid filíochta.

·        Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh (honoury degree) air.  Chaith sé an bhliain 1978-79, ina aoi (guest) - léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.

·         Bhuaigh sé an duais  an Ossian-Preis. ‘It is the biggest literary award won by an Irishman since Samuel Beckett won the Nobel Prize’, a dúradh in The Irish Times 8 Deireadh Fómhair 1977.

·        Bronnadh Gradam an Oireachtais air i 1981. Bhí sé ina bhall d’Aosdána ó bunaíodh é.

Nuala Ní Dhomhnaill


·        Rugadh i Lancashire Shasana í sa bhliain 1952. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí.

·        Nuair nach raibh ach cúig bliana d’aois bhog sí go Ceann Trá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne chaith sí tréimhsí i Luimneach agus in Aonach Urmhumhan (Tiobraid Árann) le linn a hóige.

·        D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCnoc na Labhras i gCathair Luimnigh agus bhain sí BA amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh idir 1969 agus 1972.

·         Bhí sí páirteach san irisleabhar litríochta Innti agus tá tionchar na tréimhse sin ina cuid filíochta.

·        Phós sí geolaí Turcach, Dogan Leflef, tar éis di e sin a dhéanamh agus chaith seacht mbliana thar lear. Fuair Nuala post mar mhúinteoir Béarla sa Middle East Technical University nó Orta Doğu Teknik Üniversitesi ("Ollscoil Theicniúil an Mheánoirthir"), in Ancara agus thaitin an tír léi.

·        D'éirigh cúrsaí polaitíochta go dona sa Tuirc bhliain 1980 agus d'fhilleadar ar Éirinn. Tá cónaí ar Ní Dhomhnaill agus a fear céile gar do Bhaile Átha Cliath anois, agus tá ceathrar clainne acu.

·        Sa bhliain 1981 a foilsíodh cnuasach dá fílíocht Ghaeilge den chéad uair: An Dealg Droighin (1981). Glacadh léi mar bhall d'Aosdána. 

·        Samhlaíocht (imagination) agus béaloideas (folklore) agus na sean-amhráin a bhíonn aici mar téamaí.

·        Tá féith an ghrinn (sense of humour) agus an feimineachas mar téamaí aici freisin.

·        Tá go leor duaiseanna buaite aici in Éirinn agus go hidirináisúnta.

Caitlín Maude


·        Ba scríbhneoir, file, aisteoir, amhránaí sean-nóis agus gníomhaí Gaeilge as Ros Muc Conamara í Caitlín Maude.

·        Chuaigh sí go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a ndearna sí staidéar ar an mBéarla, ar an nGaeilge, ar an bhFraincis agus ar an Matamaitic.

·        Chuaigh sí le múinteoireacht tar éis di an chéim a bhaint amach, agus í ag obair i scoileanna éagsúla ar fud na tíre ar feadh tréimhse.

·        Bhí Maude ag plé drámaíocht ó laethanta na meánscoile i leith agus cáil uirthi as páirt Mháire sa dráma An Triail, le Mairéad Ní Ghráda. I mbreis air sin, scríobh sise agus Mícheál Ó hAirtnéide dráma in éineacht, dar teideal An Lasair Choille.

·         Bhí suim aici sa cheol freisin. Sa bhliain 1975, tháinig albam sean-nóis léi, Caitlín, amach ó Ghael-Linn. 

·        Scríobh sí dánta ó bhí sí ina cailín óg, agus dúirt sí féin gurbh í an tSiúr Ailbhe, a bhí ag múineadh Gaeilge di i gColáiste Chroí Mhuire, a thug an chéad spreagadh di dul i mbun pinn.

·        Bhí suim mhór aici i gcúrsaí sóisialta agus polaitíochta. Bhíodh sí páirteach sna mórshiúlta a bhíodh ar siúl ar son na Stailceoirí Ocrais i dTuaisceart Éireann. Scríobh sí dán darbh ainm I m'Áit Dhúchais ó Thuaidh in ómós do Bhobby Sands tar éis dó bás a fháil ar stailc ocrais sa bhliain 1981.

·        Bhunaigh sí club darbh ainm 'An Bonnán Buí' do Ghaeil Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1969 agus bhí sí páirteach i mbunú Scoil Lán-Ghaelach Santain, i dTamhlacht.Phós Caitlín Maude Cathal Ó Luain ar 27 Nollaig 1969. Saolaíodh mac amháin dóibh, darb ainm Caomhán. 

·        Fuair Caitlín Maude bás le hailse ar an 6 Meitheamh 1982. Cuireadh i reilig Sheosaimh í i mBóthar na Bruíne, Contae Átha Cliath.

5/22/2012

Drugaí sna Cluichí Oilimpeacha


Brú

Teastaíonn uathu bonn óir a bhaint amach. Tá siad tiomnaithe (dedicated) don spórt agus déanann siad dearmad ar an saol taobh amuigh de. Tá siad i bhfáinne fí (vicious cycle).  Teastaíonn uathu feabhsú ach seans nach bhfuil an corp in ann é seo a dhéanamh thar pointe áirithe.  Bíonn siad in éad le rath lúthchleasaithe eile.  Casann siad ar shubsaintí mídhleathacha.  Is nós coitianta é seo (common) sa spórt. Má theastaíonn uathu dul chun cinn a dhéanamh caithfidh siad rogha a dhéanamh, íobairt (sacrifice) ar a am pearsanta nó drugaí a thógáil.  Faraor, roghnaíonn go leor drugaí a thógáil in áit glacadh le bonn airgead. Ina measc ............................................................  Tarraingíonn sé drochcháil ar na Cluichí Oilimpeacha agus ar an spórt.