· Rugadh Máirtín Ó Direáin in Inis Mór i 1910.
·
D’fhág bás
an athar gur bhuachaill goilliúnach (sensitive) a bhí in Máirtín. Sa dán ‘Óige
an Fhile’ tugann sé ‘an buachaill aisteach ciúin’ air féin.
·
D’éirigh
leis i scrúduithe Oifig an Phoist agus thosaigh ag obair i nGaillimh Eanáir
1928; bhí sé ann go deireadh Iúil 1937.
·
Bhí baint aige leis an Taibhdhearc,
amharclann (téatar) i nGaillimh agus bhí páirt aige sa chéad léiriú de Diarmuid
agus Gráinne 27 Lúnasa 1928. Meastar
gurbh í an Taibhdhearc a dhúisigh a spéis sa litríocht.
·
Fuair sé post mar oifigeach cléireachais
sa státseirbhís i 1937 agus d’aistrigh go Baile Átha Cliath. D’oibrigh sé sa
stát-seirbhís ar feadh a shaol.
·
Bhí sé ina bhall de choiste Chumann na
Scríbhneoirí óna thús i Meitheamh 1939. Bhí baint aige le Cumann na hÉigse Cois
Life.
·
Ar a chostas féin a foilsíodh na chéad
bhailiúcháin dá dhánta, Coinnle Geala, 1942 agus Dánta Aniar, 1943.
·
Phós sé Áine Colivet i 1945 agus bhí
iníon amháin acu, Niamh.
·
Tá téama an dúchais an-láidir ina chuid filíochta.
·
Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh
(honoury degree) air. Chaith sé an bhliain 1978-79, ina aoi
(guest) - léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.
·
Bhuaigh sé an duais an Ossian-Preis. ‘It is the biggest literary
award won by an Irishman since Samuel Beckett won the Nobel Prize’, a dúradh in
The Irish Times 8 Deireadh Fómhair 1977.
·
Bronnadh Gradam an Oireachtais air i
1981. Bhí sé ina bhall d’Aosdána ó bunaíodh é.
No comments:
Post a Comment