3/28/2012

Na Cluichí Olimpeacha

Níl suim dá laghad agam (no interest) sna Cluichí Oilimpeacha.  Cuireann sé leadrán orm (it bores).  An t-aon rud a bheidh mé ag féachaint air ná an rás céad méadar. Is luthchleasaí den chéad scoth é Usain Bolt agus beidh mé ag tacú leis (support him)

Euro 2012

Tá mé ag súil go mór leis an gcómórtas sacair Euro 2012 a bheidh ar siúl sa Pholainn agus sa Úcráin.  Tá muid tar éis cáiliú (qualifying) don chómórtas don chéad uair le os cionn fiche bliain. Is mór an éacht é sin (its a great achievement).  Faraor ní dóigh liom go n-éireoidh linn dul ró-fhada sa chómórtas. Tarraingíodh muid (were drawn) sa ghrúpa céanna leis an Iodáil, leis an Spáinn agus leis an Croáit. Cibé seans atá againn (whatever chance we have) ina aghaidh na hIodáile agus in aghaidh na Croáite níl seans dá laghad againn (we have no chance) in aghaidh na Spáinne.  Beidh sé ar siúl le linn na hArdteiste faraor agus ní bheidh deis agam féachaint ar na cluichí iad féin.  Ach m'anam (for certain) go mbeidh mé ag breathnú ar na buaicphointí (highlights) agus ar an súil siar (looking back). Bheadh sé iontach dá n-éireoidh le Robbie Keane críochnú ar bhuachpointe agus cúl a scóráil mar gach seans gur a uair deiridh mar captaen atá ann.  Tá an-oiread (so many) daoine ag dul anonn(going over)  agus dá bharr (therefore) tá chuile dhuine ar bís (excited) ag fanacht leis tosú.


3/27/2012

An gceapann tú go bhfuil réiteach ar na fadhbanna?

Is beag réiteach atá ann, feictear domsa. = there is no solution it seems to me
 Muna dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta is in olcas a bheidh na fadhbanna ag dul. = if economics don't improve the problems will get worse

 Síolraíonn cuid mhaith de na fadhbanna ón gcúlu eacnamaíochta. = most of the problems come from the recession
An t-aon réiteach a fheicimse ná fáil réidh leis na polaiteoirí cama agus na baincéirí santacha agus an chaimiléireacht go léir atá ar siúl sa tír seo.  = The only solution is to get rid of the corrupt politicians and the greedy banks and all the corruption that is on in the country.
Ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin agus mar sin ní bheidh réiteach le fáil ar na fadhbanna go léir a bhfuil sochaí na tíre seo scriosta acu. = i don't think that will happen and therefore there will be no solution to the problems that have destroyed the country

An bhfuil a lán fadhbanna ag daoine óga

Tá neart (lots) fadhbanna acu. Fadhb mór í an dífhostaíocht i measc na n-óg mar is eol duit (as you know). Níl a lán postanna ann anois do dhaoine óga agus ní féidir post páirt-aimseartha a fháil ar ór nó ar airgead (for love or money). Ar an ábhar sin ní bhíonn cent rua ag daoine óga (have no money) agus ní haon ionadh é go n-éiríonn siad míshona agus trioblóideach dá réir. Fadhbanna móra iad fadhb an óil agus na ndrugaí, ar ndóigh. Tá cultúr an óil imithe ó smacht i measc na n-óg le blianta beaga anuas. Ólann siad an t-uafás agus is minic iad ar meisce. Déanann an t-ól dochar mór dóibh agus loiteann sé a saol go minic. Ní haon ionadh é go dtosaíonn siad ag troid nó ag ionsaí a chéile. Mar a deir an seanfhocal ‘nuair a bhíonn an braon istigh bíonn an chiall amuigh’! Fadhb eile fós ná fadhb na himirce. Tá a lán daoine óga ag dul ar imirce ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta sa tír seo agus is ag dul in olcas atá sé.

Stór Focail
mar is eol duit = as you know
ar ór nó ar airgead = for love or money
ar an ábhar sin = on that subject
ní bhíonn cent rua ag daoine óga = have no money
ní haon ionadh é = its no surprise
éiríonn siad = they become
ar ndóigh = of course
an t-uafás = a huge amount
déanann sé dochar dóibh = it harms them
loiteann sé = it destroys = scriosann sé
ag ionsaí a chéile = attacking each other
nuair a bhíonn an braon istigh bíonn an chiall amuigh = whena drop (drink)is  in sense is out
is ag dul in olcas atá sé = its getting worse

Cén fáth go bhfuil muid sa chás (situation) seo?

Sin ceist mhór! Dá mbeadh an freagra agam bheinnse saibhir (if i had the answer i would be rich). Ceapann a lán eacnamaithe (economists) agus saineolaithe (experts) ar an gcúlú eacnamaíochta go bhfuil freagraí acu ach ní dóigh liom go bhfuil an freagra ag duine ar bith. Níl aon dabht faoi ach go ndeachamar as ár meabhair ( we went crazy) ar fad le linn an Tíogair Cheiltigh. Chaith muid airgead nach raibh againn (we didn't have) ar nós (like) go raibh sé ag dul as faisean. Bhí saol an mhada bháin (a great life) againn ar fad agus cheap muid nach dtiocfadh deireadh (it wouldn't end) leis na laethanta órga go deo. Ar ndóigh, rinne na polaiteoirí, na bainc, na tógálaithe santacha agus lucht pleanála an tír seo a scriosadh (destroyed the country). Ní raibh aon teorainn lena gcuid sainte (there was no end to their greed). Bhí siad go léir ag tochras ar a gceirtlíní féin (looking out for themselves) agus iad beag beann (not caring about) ar chás na tíre.

Mar a deir an seanfhocal ‘is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán’. Bhuel, is ar mhaithe leo féin a dhéanann polaiteoirí aon rud a dhéanann siad, im thuairimse. = as the seanfhocal says the cat purrs for its own sake. Well,  politicians do thinks for their own sake in my opinion.

Ní dhéanann siad beart de réir a mbriathra.  = they don't honor their word

Cad a cheapann tú faoin todhchaí?

Is duine óg mé. D’fhéadfainn a rá leat (i could say) go bhfuilim éadóchasach faoin todhchaí ach nílim chun é sin a rá (i won't say that). Caithfear (must be) a bheith dóchasach. Mar a deir an seanfhocal ‘bíonn an óige aislingeach’(youth is dreamtime) agus ar an ábhar sin táim dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar (it will improve) chúrsaí luath nó mall (sooner or later). Ní leanfaidh (it won't continue) an cúlú eacnamaíochta seo go deo. Agus tiocfaidh deireadh leis na ciorraithe (cutbacks) freisin. Ba mhaith liom ceapadh go mbeidh tús curtha leis an athbheochan (renewal will have begun) nuair a bheidh mise tar éis an ollscoil a fhágáil. Mar a deir seanfhocal eile ‘tagann an ghrian i ndiaidh na báistí" (the sun comes out after the rain). Agus tiocfaidh an ghrian amach lá éigin. Táim cinnte de.


Céard a cheapann tú faoi staid na tíre faoi láthair?

Ceapaim go bhfuil staid na tíre go hainnis faoi láthair. Táimid bancbhriste agus i bhfiacha go mór. Is in olcas atá an cúlú eacnamaíochta ag dul, feictear domsa. Gach lá bíonn gnó éigin ag dúnadh síos agus is beag post nua atá á chruthú. Tá na mílte ag dul ar imirce. Tá an ráta dífhostaíochta ag méadú go tubaisteach. Má leanann sé ag méadú mar seo ní fada go dtí go mbeidh leathmhilliún duine dífhostaithe. Tá níos mó ciorraithe á gcur i bhfeidhm ag an rialtas agus is beag airgead a bhíonn le caitheamh ag an ngnáthdhuine. Tá cuid mhór daoine ag maireachtáil ó lámh go béal.

Stór Focail
go hainnis = desperate
bancbhriste = bankrupt
i bhfiacha = in debt
is in olcas atá sé ag dul = its getting worse
is beag post atá á chruthú = few jobs are being created
ag méadú = increasing
ag laghdú = decreasing
go tubaisteach = disastarously
Má leanann sé = if it continues
ciorraithe = cut backs
i bhfeidhm = in force
ag maireachtáil ó lámh go béal = living from hand to mouth (day to day)

Dá mbeinn i mo thaoiseach

Dhéanfainn an t-uafás athruithe. Chuirfinn na daoine go léir a scrios an tír seo i bpríosún. Thabharfainn níos mó airgid do na daoine bochta agus na daoine gan dídean. Chuirfinn cáin níos airde ar lucht an rachmais. Rachainn timpeall na tíre agus labhróinn le lucht gnó. Chruthóinn níos mó postanna do mhúinteoirí agus thabharfainn dóchas do dhéagóirí na tíre seo.

Stór Focail
srios = destroyed
daoine gan dídean = homeless people
cáin = tax
lucht an rachmais = rich people
lucht gnó = business people
Chruthóinn = i would create
dóchas = hope

Céard a cheapann tú faoin Taoiseach ?

Bhuel, ceapaim gur fear ionraic é. Tá a chroí san áit cheart aige. Is dóigh liom gur duine éifeachtach é agus déanann sé a dhícheall i gcónaí. É sin ráite, ní dóigh liom go dtuigeann sé go bhfuilimid in umar na haimléise sa tír seo faoi láthair agus go bhfuil muintir na hÉireann i ndeireadh na feide ar fad. Ag tús na bliana seo caite nuair a bhí an feachtas olltoghchánaíochta faoi lánseol thug sé a lán geallúintí dúinn. Gheall sé nach mbeadh aon rátaí ar thithe mar shampla. Anois beidh orainn go léir rátaí tithíochta a íoc. Ní dóigh liom ach an oiread go bhfuil sé ag déanamh go leor chun postanna a chruthú do dhaoine óga. É sin ráite, níor mhaith liom an post atá aige a bheith agam féin!

Stór Focail
ionraic = honest
déanann sé a dhícheall = does his best
é sin ráite = that said
in umar na haimléise = in the depths of despair
i ndeireadh na feide = at the end of their tether
feachtas olltoghchánaíochta = election campain
faoi lánseol = in full swing
geallúintí = promises
Gheall sé = he promised
beidh orainn = we will have to
chun postanna a chruthú = to create jobs

Dá dtiocfainn ar thimpiste

Bhuel, tá súil agam nach dtiocfaidh ach dá dtiocfainn ar thimpiste, chuirfinn glaoch láithreach ar otharcharr. Chuirfinn glaoch ar na Gardaí freisin. Farair níl aon scileanna garchabhrach (first aid) agam ach dhéanfainn iarracht (i would try ) an duine gortaithe a choiméad te.  Bhainfinn úsáid as éadach nó bindealán chun cabhrú le duine ar bith a bheadh ag cur fola.  Labhróinn freisin leis an duine gortaithe chun misneach agus dóchas a thabhairt dóibh (to give them courage and hope).  B'fhéidir go mbeadh orm glaoch a chuir ar an mbriogáid dóiteáin. Bheadh an fón póca an-áisiúil (handy) ar ócáid mar seo.

Dá mbuafainn an Crannchur Náisiúnta

Ó dá mbuafainn an Crannchur Náisiúnta bheadh saol an mhada bháin agam.  Bheinn an-saibhir agus is mé a bheadh sásta. Sea, bheinn ar mhuin na muice dá mbuafainn sé nó seacht milliún euro sa chrannchur náisiúnta. Thabharfainn cuid den airgead do mo thuismitheoirí.  Bheadh cóisir mhór agam do mo chairde in óstán éigin.  Thógfainn teach breá compórdach dom féin le linn snámha tríocha méadar, seomraí breátha codalta, cistin nua-aimseartha, seomraí cluichí, tubán te agus cúrsa gailf naoi bpoll nó b'fhéidir ocht poll déag mórthimpeall an tí.  Cheannóinn ingearán (héileacaptar) dom féin agus d'eitleoinn ó áit go háit. Rachainn ag taisteal.  Thabharfainn cuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Mheiriceá Theas, ar an tSín is ar thíortha na hEorpa. Cheannóinn tithe saoire sna tíortha a thaitneodh liom agus chaithfinn mo chuid ama eatarthu (between them). 

Stór Focail
saol an mada bháin = great life
an-saibhir ar fad = really rich
cistin nua-aimseartha = modern kitchen
thabharfainn cuairt ar = i would visit
ag taisteal = travelling
tuigim go rímhaith = i understand well
cuid den airgead = some of the money
a fheiceáil = to see

Nathanna Cainte
Ó dá mbuafainn an Crannchur Náisiúnta, bheadh saol an mhada bháin agam.= i would have a great life if i won the lotto.
Thógfainn teach breá compórdach dom féin le gach áis nua-aimseartha = i would build a very big house

3/26/2012

Dá mbeinn i mo Aire Oideachais

Ní dhéanfainn an oiread sin athraithe (too many changes) dá mbeinn i m'Aire Oideachais amach anseo.  Measaim go bhfuil córas maith oideachais againn in Éirinn.  D'fhéachfainn chuige go mbeadh ríomhairí glúine ag daltaí dara leibhéal ach go háirithe. Chuirfinn deireadh leis na málaí troma scoile a bhíonn le hiompar ag daltaí na tíre seo.  Chaithfinn airgead ar athchóiriú (refurb) scoileanna ionas go mbeadh áiseanna oideachais d'ardchaighdeán ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí.  Dhéanfainn athbhreithniú (review) ar chóras na bpointí agus chaithfinn súl freisin ar an gcóras na scrúdaithe.  Is é mo thuairim go mbíonn an iomarca ábhar scoile á dhéanamh ag daltaí an Teastais Shóisearaigh ach go háirithe.

Stór Focail
Athrú, athraithe = change/changes
córas = system
athchóiriú = refurbishment
athbhreithniú = review
measaim, ceapaim , sílim = i think
Is é mo thuairim = it is my opinion

Nathanna Cainte
Ní dhéanfainn an  oiread sin athruithe = i wouldn't make that many changes
Measaim go bhfuil córas maith oideachas in Éirinn = i think there is a good education system in Ireland
D'fhéachfainn ar na féidearachtaí a bhaineann le measúnú leanúnach.  = I would look at the possibilities for continuous assessment

Dá dteipfeadh orm mo dhóthain pointí a fháil

Bhuel, ní dóigh liom go dtarlóidh a leithéid. Bheadh an-díoma ar fad orm dá dteipfeadh orm mo dhóthain pointí a fháil sa scrúdú ardteiste.  Thiocfainn ar ais go dtí an scoil seo agus dhéanfainn m'ardteist don dara huair. D'oibreoinn an-dian ionas nach dtarlódh sé arís (so that it wouldn't happen again).

Stór Focail
Ní dóigh liom = i don't think
a leithéad = the likes
D'fhillfinn ar an scoil seo = i would return
is scoil iontach é seo
Ghlacfainn le mo dara rogha = would accept my second choice

Dá & Modh Coinníollach

Neamhrialta = irregular
Bheadh ........agam = i would have
Bheinn = i would
Rachainn = i would go
Gheobhainn = i would get
déarfainn = i would say
dhéanfainn = i would do
chloisfinn = i would hear
thiocfainn = i would come
thabharfainn = i would give
d'íosfainn = i would eat
bhéarfainn ar = i would catch/grab

Céad Réimniú = Siolla amháin
d'fhéachfainn = i would watch
mholfainn = i would praise /advise
thógfainn = i would take
d'íocfainn = i would pay
d'fhillfinn = i would return
chaithfinn = i would throw/smoke/wear
léifinn = i would read
d'éistfinn le = i would listen to
bain/bris/cuir/fág/gearr/goid/iarr/scríobh/scuab/tiomáin

Dara Réimniú = Dhá Shiolla
d'fhorbróinn = i would develop
cheannóinn = i would buy
d'osclóinn = i would open
d'athróinn = i would change
d'fháilteoinn roimh = i would welcome
cheisteoinn = i would question
d'oibreoinn = i would work
d'éireodh liom = i would suceed
aistrigh/ceartaigh/eitil/fostaigh/coinnigh/imigh/inis/labhair/ordaigh/bunaigh

Má & Aimsir Fháisteanach

díomá mór = big disappointment
dóthain pointí = enough points
ionas  = so that
pointí cuí = points needed

Tá súil agam nach dtarlóidh a leithéid = i hope that won't happen
Beidh díoma mhórm má theipeann orm dóthain pointí a fháil = i will be dissappointed if i fail to get enough points
Oibreoidh mé go han-dian ionas nach dteipfidh orm na pointí cuí a bhaint amach = i will work very hard so that i will not fail to achieve the points needed

Cúrsa sa Ghaeltacht

D'fhreastail mé ar chúrsa Gaeltachta an bhliain seo caite. Ba í mo mhúinteoir Gaeilge, a mhol dom (advised me) dul ann. Caithfidh mé a rá gur tháinig feabhas mór (big improvement) ar mo chuid Gaeilge labhartha (spoken) de thoradh an chúrsa. Go dtí Coláiste Acla a chuaigh mé agus chaith mé trí seachtaine ansin le linn mí an Mheithimh. Bhuail mé le déagóirí as Co. na Gaillimhe, Co. Chiarraí, Co. Longfort agus contaetha eile. D'fhan muid i dtithe lóistín sa cheantar agus caitheadh go maith linn (we were treated well).  Bhí an t-ádh dearg orm mar ba chócaire den scoth í mo bhean an tí (she was a great cook).  Bhí ranganna Gaeilge againn ar maidin óna deich go dtí a haon.  San iarnóin d'imir muid spórt; cispheil, haca faoi dhíon (indoor), peil Ghaelach, rugbaí agus sacar.  Chuaigh muid chuig an trá lá ar bith a bhí an ghrian ag scalladh agus bhain muid an-spórt as. Bhí céili ar siúl chuile oíche agus corruair (odd time) bheadh dioscó ann. Rinne mé an-oiread (so many) cairde.  Mholfainn (i would advise) do dhéagóir ar bith (any teenager) dul ann le Gaeilge a fhoghlaim.

Stór Focail
feabhas mór = big improvement
mholfainn = i would advise
an deis a thapú = grasp the opportunity
an-chraic = great craic
ár n-oidhreacht = our heritage
an-bhéim = great emphasis
go deimhin = indeed
níos mó muiníne as = more confidence in
bhuel, ar an gcéad dul síos = well, firstly
imeachtaí spóirt= sports activities
Chuir mé eolas ar  =i got to know (a place /thing)
Chuir mé aithe ar = i got to know (people)

Nathanna Cainte
D'fhreastail mé ar chúrsa Gaeltachta trí seachtaine = i attended a three week irish course
Ba í mo mhúinteoir Gaeilge a mhol dom dul ann. = my irish teacher advised me to go there
Tháinig feabhas mór ar mo chuid Gaeilge labhartha de thoradh an chúrsa = my spoken irish improved greatly as a result of the course
Mholfainn do dhaltaí an deis a thapú agus cúrsa Gaeltachta a dhéanamh = i would advise students to grasp the opportunity and do an Irish course.
Ba chabhair mhór domsa é an cúrsa don bhéaltriail Ghaeilge ach go háirithe = the course was a great help to me  for the irish oral especially
Bhain mise an-tairbhe as an gcúrsa. = i benefited greatly from the course
D'fhoghlaim mé an t-uafás Gaeilge = i learned an awful lot of Irish
Bhí mé an-tógtha leis an gcúrsa =  i was very taken with the course
Caitheadh go maith linn = we were treated well
Bhí mé mar dalta lae = day student

3/23/2012

Céard a dhéanfaidh mé an samhradh seo ?

Tá mé ag tnúth go mór leis an samhradh nuair a bheidh mé réidh leis na scrúdaithe. Tá sé i gceist agam (i intend to) agus ag cairde liom saoire a chur in áirithe (book) go luath. B'fhéidir go rachaidh muid chuig an Ghréig nó an Spáinn ag deireadh mhí Lúnasa. Teastaíonn uainn (we want to) scíth a ligean faoin ngrian agus dearmad a dhéanamh ar an Ardteist.  Ach roimhe sin beidh mé ag obair. Caithfidh mé dóthain airgid (enough money) a shaothrú (earn) chun dul ar saoire.  Caithfidh mé roinnt mhaith ama le mo chuid chairde an samhradh seo.

An Saoire is Fearr a bhí agam riamh

An bhliain seo caite chuaigh mé chun na Spáinne le mo thuismitheoirí.  Bhí sé ar fheabhas (go hiontach).  D'fhág muid Cnoc Mhuire (Knock) ar a cúig ar maidin agus thuirling muid (landed) i mBarcelona ar a hocht.  Mhothaigh mé an teas (felt the heat) láithreach (straight away).  Bhí muid ag fanacht in óstán galánta i lár na cathrach. Is cathair beo bríomhar (lively) í Barcelona. Chuaigh muid ar cuairt chuig an gcaisleán agus an ardeaglais (cathedral) ar an gcéad lá agus chonaic muid tithe Gaudi chomh maith.  Tá an ailtireacht (architecture) dochreidte (unbelievable).  Bhí an trá in aice láimhe (nearby) agus chaith muid cúpla lá ag sú na gréine (sunbathing) ar na tránna órga.  Bhí an saol sóisialta den scoth (great). Thaisteal muid suas anuas (we travelled up and down) an cósta agus chonaic mé na radharcanna is áille dá bhfaca mé riamh(i saw the best views ever) Mholfainn (i would advise) do dhuine ar bith dul ar cuairt ann. Bhain mé an-sult as.

An Samhradh

In Acaill
Is breá liom saoire an tsamhraidh mar bíonn trí mhí fhada saor ón scoil agam. Bíonn go leor ar siúl agam sa samhradh. Mar is eol duit (as you know) is ceantar cósta é Acaill.  Caithim go leor den samhradh ar an trá.  Nuair a bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch (is splitting the stones) is geall leis (its like) na hOileáin Bailéaracha é. Tá mé an-spórtúil agus téim ag marcaíocht toinne (surfing) agus ag snámh beagnach chuile lá.  Bíonn mo chuid cairde ar fad thart (around) agus bíonn an-chraic againn ag na féilte áitiúla. Cabhraím le mo thuismitheoirí ar an bportach freisin leis an móin a thiontú (turn) agus a ghróigeadh (foot).  Is obair chrua é ach is fiú go mór é (its worth it) mar bíonn breosla (fuel) againn don gheimhreadh ar chostas íseal.  Téim ar cuairt chuig mo cholcheathracha i nDún na nGall chomh maith.  Tá siad ar comhaois liom (same age as me) agus is cairde maithe muid.

Post Páirtaimseartha
Tá post páirtaimseartha agam i mbialann áitiúil darbh ainm ............ Caithim an samhradh ag obair.  Tá mé ag obair ann le cúpla bliain agus taitníonn sé go mór liom caithfidh mé a rá (i have to say).  Bím na huaireanta fada agus oibrím óna deich go dtí a hocht cúig lá na seachtaine.  Faighim lá saor ar an Luan agus ar an Máirt. Is obair chrua é. Bím ag freastail ar na boird agus ag glacadh le hordaithe ó na custaiméirí.  Bíonn tú i do sheasamh (on your feet) an lá ar fad. Uaireanta tugaim cabhair sa chistin ag ní na gréithe agus ag réiteach (preparing) glasraí.  Sa tráthnóna bíonn na hurláir le ní agus bíonn na leithris le glanadh amach. Mar sin féin (even so) tá go leor cairde déanta agam ann (there) agus téann muid amach le chéile oíche Domhnaigh agus obair na seachtaine thart.  Tá go leor foghlamtha agam ó thosaigh mé ag obair ann.

Thar Lear
Téim ar saoire thar lear chuile shamhradh. Go hiondúil téim chun na Fraince nó chun na Spáinne.  Táim ag foghlaim Fraincise ar scoil agus is iontach an deis é (great opportunity) chun beagán Fraincise a chleachtadh. Is aoibhinn liom bia na Fraince chomh maith.

3/22/2012

An Deireadh Seachtaine

Ó, is aoibhinn liom an deireadh seachtaine.  Bím tuirseach traochta i ndiaidh na seachtaine scoile agus bíonn scíth ag teastáilgo géar  uaim (i need to relax badly). Ní théim a choladh luath ar an Aoine.  Fanaim i mo shuí ag féachaint ar scannán de ghnáth (usually).  Ní éirím go dtí an deich an chéad mhaidin eile.  Bíonn bricféasta breá Gaelach agam.  Tá mé millte (spoilt) i ndáiríre.  Caithim trí nó ceithre uair a chloig ag staidéar agus téim ar siúlóid leis an madra ar an trá ag brath ar an aimsir (depending on the weather).  Go hiondúil (de gháth = usually) téim amach oíche Dé Sathairn le mo chuid chairde chuig an teach tábhairne áitiúil. Uaireanta téim ar cuairt chuig teach mo chara. Braitheann sé (it depends).  Ar an Domhnach éirím go luath chun dul chuig an aifreann le mo thuismitheoirí.   Bíonn dinnéar mór teaghlaigh againn le chéile agus tagann mo dheartháir abhaile don dinnéar.  I ndiaidh sin ligim mo scíth (i relax) ag féachaint ar chluiche peile sa sheomra suí le m'athair nó ag léamh úrscéil (a novel).  Is breá liom an Domhnach.  Tá sé an-tábhachtach scíth a thógáil ag an deireadh seachtaine.

An Deireadh Seachtaine
tráthnóna Dé hAoine = friday evening
maidin Dé Sathairn = Saturday morning
san iarnóin = in the afternoon
oíche Dé Sathairn = Saturday night
ar an Domhnach = on Sunday
Bíonn deireadh seachtaine leisciúil agam = i have a lazy weekend

Ag staidéar
tuilleadh staidéir = more study
dóthain pointí= enough points
an iomarca = too much

Stór Focail
tá sé neamhghách = unusual = as an ngnáth
Tá tábhacht ag baint leis = tá sé tábhachtach
Bainim taitneamh as = i enjoy it
Bainim sult as = i enjoy it
Bainim sásamh as = i enjoy it
de ghnáth = usually
go hiondúil = usually

Imeachtaí Dheireadh Seachtaine
ag campáil
ag marcaíocht toinne = surfing
ag tógáil scíthe = resting
ag iascaireacht = fishing
ag bogshodar = jogging

Ag tógáil sosa
Tógaim sos = i take a break
Tógaim scíth = i take a rest
scíth mhaith
scíth ghearr = short rest
scíth fhada = long rest

Nathanna Cainte
Caithfidh mé a admháil = i must admit
Ní éirím go luath ar an Satharn = i don't get up early
Fanaim i mo choladh go meán lae nó mar sin = i stay in bed til middayish
Ní théim a choladh luath oíche Dé hAoine = i don't go to bed early Friday night
Fanaim i mo shuí go dtí meán oíche nó níos déanaí  = i stay up til midnight or later
Bainim an-sult agus an-pléisiúr as an deireadh seachtaine = i really enjoy my weekend
Bím tuirseach traochta i ndiaidh na seachtaine = i'm wrecked after the weekend
Bíonn scíth ag teastáil go géar uaim = i badly need a rest
Tá sé an-tábhachtach scíth a thógáil ón obair = its very important to take a rest



Faisean/Siopadóireacht

Caithfidh mé a admháil (i must admit) go bhfuil mé an-tógtha le ( taken with/addicted to) siopadóireacht agus cúrsaí faisin.  Bím ag féachaint ar chláir faisin ar an teilifís go háirithe Exposé ar TV3 agus téim ag brabhsáil chuile dheireadh seachtaine i gCaisleán an Bharraigh nó uaireanta i nGaillimh. Ceannaím éadaí nua ar a laghad (at least) uair sa mhí agus is breá liom siopadóireacht a dhéanamh Tigh Penneys agus i New Look.  Caithim mo chuid airgid ar dhá chineál éadaí, éadaí galánta (fancy clothes) le haghaidh dul amach agus gnáthéadaí laethúla (everyday clothes) gan trácht ar (not to mention) smideadh (make up) agus cumhrán (perfume).  Tá mo vardrús (wardrope) ag dul thar maoil (overflowing) faoi láthair.  Tá an diabhal orm (i'm desperate) i  ndáiríre (really).  Bíonn mo mháthair i gcónaí ag tabhairt amach dom faoi.

Teicneolaíocht / Ríomhairí

Caithfidh mé a rá (i have to say) go bhfuil mé an tógtha leis (very taken with) an teicneolaíocht is déanaí (latest technology), Bainim an-úsáid as an ríomhaire.  Tá fón cliste agam agus is féidir liom teangmháil (contact) a dhéanamh le mo chairde.  Cuirim teachtaireachtaí (messages) agus grianghraif ar Facebook. Bainim úsáid as Skype chomh maith.  Tá cuntas agam (have an account) le Netflix agus le I-tunes agus íoslódálaim na scannáin, na cláracha agus an ceol is déanaí (latest).  Tá ríomhaire glúine (laptop) agam chomh maith agus tá sé thar a bheith (really) áisiúil (useful). Tá mé níos tapaí ag clóscríobh ná mar atá mé ag scríobh. Bheinn caillte (i would be lost) gan é.

Stór Focail
ceamara digiteach
an t-idirlíon = internet
ríomhphost = email
ag clóscríbh = typing
creidmheas = credit
téacs = text
ag uasdatú = updating
ag íoslódáil = downloading
ag uaslódáil = uploading
ar an margadh = on the market

Nathanna Cainte
Íoslódálaim = i download
Uaslódálaim  = i upload
Déanaim uasdhátú ar mo leathnach Facebook go minic = i update my Facebook page often
Bainim an-úsáid as an ríomhaire = i use my computer loads
Bheinn caillte gan é = I'd be lost without it
Tá go leor buntáistí ag baint leis = it has lots of advantages
É sin ráite = that said
Tá míbhuntáistí ag baint leis = it has its disadvantages
Baineann daoine mí-úsáid as = people abuse it
chun bulaíocht a dhéanamh = to bully
Is mór an trua é = its a pity
Is féidir liom teangmháil a dhéanamh le mo chairde go héasca = i can contact my friends easily


Léitheoireacht /ag léamh

Is iontach an caitheamh aimsire é an léitheoireacht agus tugann na leabhair faoiseamh (relief) dom ó na téascleabhair scoile. Caithim roinnt mhaith ama ag léamh cé nach bhfuil mórán ama agam (although I have little time) i láthair na huaire.  Taitníonn leabhair .......................... go mór liom.  Táim ag léamh an úrscéil (novel) .......................... leis an údar (by the author) ................... faoi láthair agus táim ag baint an-spraoi as.  Is scéal é faoi ........................................................................  Beidh neart ama agam don léitheoireacht i ndiaidh mo chuid scrúdaithe (after the exams) is dóigh.

Cinéalacha leabhair
leabhair taistil = travel
úrscéalta = novels
leabhair grá = romance
leabhair eactraíochta = adventure
leabhair fantasaíochta = fantasy
leabhair bleachtaireachta = dectective
leabhair uafáis = horror
beathainéisí = biographies
ficsean = fiction
fíorscéalta = true stores

Tá sé + aidiacht
taitneamhach = enjoyable
tairbheach = benificial

Nathanna Cainte
Is iontach an caithimh aimsire é = its a great pastime
Caithim roinnt mhaith ama ag léamh = i spend a good bit of time reading
Léim = i read
Léim gach sórt leabhair
Taitníonn beathaisnéisí liom agus is maith liom úrscéalta freisin = i like biographies and i like novels also
Ceannaím an iris míosúil ..... = i buy the monthly magazine
Ceannaím an iris seachtanúil = weekly

Teilifís/Scannáin

Ní chaithim mórán ama ag féachaint ar an teilifís i láthair na huaire (at the moment) mar táim sáite (i'm stuck) sna leabhair ach caithim cuid mhaith ama os comhair na teilifíse le linn an tsamhraidh.  Taitníonn cláir cheoil agus cláir ghrinn liom.  Féachaim ar an sobaldráma, Eastenders agus is maith liom ach go háirithe (especially) an sraithchlár Desperate Housewives.  Faraor (unfortunatly) tá an phictiúrlann an-fhada ó bhaile agus mar sin (therefore) faighim DVDanna ar iasacht (on loan) ón siopa áitiúil. Chonaic mé an scannán .....................le gairid (recently) agus thaitin sé go mór liom.   Bhí fuaimrian (soundtrack) an scannáin ar fheabhas agus bhí go lor aicsean ann.  Is scannán é faoi......................
Is fiú go mór é a fheiceáil (its worth seeing)

Cineálacha Cláracha
Cláir faisnéise = documentaries
cláir spóirt
cláir faisin
cláir ceoil
cláir grinn = comedies
sobailchláir = soaps
sraithchlár = series

Cineálacha Scannáin
scannán faisnéise = documentary
scannán grinn = comedy
scannán uafás = horror
scannán aicsin = action
scannán cogaidh = war
scannán rómánsúil = romance

Scannáin
Ag tús an scannáin = at the begining
ag críoch an scannáin = at the end
an aisteoireacht = acting
éifeachtaí speisialta = special effects
fuaimrian - soundtrack
script an scannáin
stiúrthóir an scannáin = director

Bhí sé + aidiacht
taitneamhach = enjoyable
greannmhar = funny
gruama = dark
leamh leadránach = dull boring
brónach
tragóideach = tragic

Nathanna Cainte
D'fhéadfá a rá = you could say
Tá an dearg ghráin agam ar ......= i hate
Chonaic mé an scannán ............. agus mé an-óg = i saw the film........when i was very young
Bhí crith cos is lámh orm i ndiaidh an scannáin = i was shaking like a leaf afterwards
Is ...............den scoth é = its a great film
Is scannán é faoi ....... = its a film about
Níor thaitin an radharc deiridh liom= i didn't like the last scene
Is láithreoir iontach í =  shes a great presenter
Is tráchtaire an-mhaith é = he's a great commentator
Tá an-chur amach aige ar na cluichí  = he has great insight into the games

Ceisteanna
An gcaitheann tú mórán ama ag breathnú ar an teilifís?
Cé na cláir theilifíse a thaithníonn leat?
An bhfaca tú aon scannáin le deireanaí (lately)?
An fiú an scannán sin a fheiceáil? Cén fáth

Ceol

Tá an-spéis ar fad agam sa cheol. Tá I-Pod agam le fada (for ages) agus tá na céadta amhráin agam air. Éistim le gach saghas ceoil.  Taitníonn ceol .....................is popcheol liom ach is fearr liom ........................... ná aon sórt ceoil eile.  Is banna ceoil den scoth é ................ agus measaim gur amhránaí iontach é/í ........................  Cheannaigh mé an t-albam ................. ar an idirlíon. Is breá liom an rian (track) ....................... Is breá liom na féilte ceoil chomh maith. Anuraidh, chuaigh mé chuig .............................  Chonaic mé .................. ag seinm beo. bhí siad ar fheabhas.  Bhain mé an-taitneamh as an lá.
 
Ceol Traidisiúnta
Casaim féin an ......................... agus an .............................. D'fhoghlaim mé an fheadóg nuair a bhí mé ag freastal ar an mbunscoil agus d'fhoghlaim mé an ........................ ó (from) ................................ Tá mé i mo bhall den bhanna ceoil traidisiúnta sa scoil agus ghlac Tonnta Acla páirt i gcomórtas Siansa an bhliain seo caite agus d'éirigh linn dul chomh fada leis an gCraobh Réigiúnach. B'é an chéad uair a ghlac muid páirt sa chomórtas sin agus éacht mhór (great achievement) a bhí ann dúinn (for us).  Chaith muid lá i mBaile Chláir na Gaillimhe ag déanamh ceardlann (workshop) ceoil agus amhránaíochta agus bhain muid tairbhe agus taitneamh as an lá cé nár éirigh linn dul níos faide sa chomórtas.  Freastlaím freisin ar na máistir-ranganna ag Scoil Acla chuile bhliain. Is féile ceoil áitiúil atá ann a bhíonn ar siúl i mí Lúnasa agus meallann sé (it attracts) go leor ceoltóirí iomráiteacha (well known) chun na háite.

Banna Píobaireachta
Seinnim i mBanna Píobaireachta Acla chomh maith agus i mbliana ghlac muid páirt i trí mhórshiúil ar Lá Fhéile Phádraig agus ar an lá ina dhiaidh.  Tá banna píobaireachta ag beagnach uile sráidbhaile sa cheantar agus bíonn iomaíocht (competition) ghéar idir na sráidbhailte ag mórshiúil lá Fhéile Phádraig.  Seinnim na píobaí/drumaí agus bíonn craic iontach againn ag na cleachtaí (at practices).

Amhránaíocht
Is amhránaí maith mé agus is breá liom amhráin .................... a chanadh.  Ghlac mé páirt i Seó Talainne (talent contest) ........................................ agus d'éirigh liom buachan (i managed to win) Bhí an-iontas orm mar bhí mé an-neirbhíseach.

Níl aon ghuth agam (no voice) faraor ach is amhránaí maith í mo dheirfiúr ..........

Cineálacha Ceoil
ceol traidisiúnta
ceol tíre
ceol claisiceach
ceol rac
ceol damhsa
popcheol

Uirlisí
an fhidil
an chláirseach = harp
an fheadóg stáin
an fheadóg mhór
an bosca ceoil
an méarchlár = keyboard
an giotár
an pianó
na píobaí
na píobaí uileann

Nathanna Cainte
Níl mé ábalta aon uirlis ceoil a sheinm
Níl aon cheol agam
Sheasfá sa sneachta ag éisteacht léi = you would stand in the snow listening to her

Spórt

Tá an-suim agam i gcúrsaí spóirt. Imrím féin peil Gaelach agus .......... Táim ar an bhfoireann áitiúil agus bíonn muid ag traenáil dhá lá sa tseachain i bPoll Raithní. Faraor (unfortunatly) níl ag éirí go maith linn (we're not doing well) i mbliana.  Téim ag snámh anois is arís sa linn snámha in Ostán an Mhala Raithní. Tá spórtlann san óstán freisin agus téim ann sách (fairly) minic.  Caithim roinnt ama ag crochadh meáchain (lifting weights), ar an muileann coise (treadmill) agus ar an meaisín rámhaíochta (rowing machine).  Ghlac mé páirt freisin sa chomórtas leadóg boird a bhí ar siúl sa scoil roimh an gCáisc (easter) agus d'éirigh liom dul chomh fada leis an gcluiche ceathrú ceannais (1/4).  Gan amhras bím ag féachaint ar chláir spóirt. Féachaim ar chláir spóirt ar nós (like) .................. agus ....................ar (on) TG4 agus RTE.   Ní imrím rugbaí ach is maith liom a bheith ag féachaint air.  Is cluiche an-chorraitheach (exciting) é agus is breá liom a bheith ag éisteacht le tráchtaireacht (commentary) ...........
............................. Laoch spóirt atá agam ná Rory McIlroy.  Is galfaire den chéad scoth é agus is eiseamláir (role model) é do dhaoine ar nós mé féin.  Taispeánann sé an díogras agus an díocas (hardwork and keeness) a theastaíonn le déanamh go maith sa spórt.


Nathanna Úsáideacha:
Breathnaím ar bhuaicphointí na gcluichí -  i watch the highlights
Is fearr na sláinte ná na táinte = health is better than wealth
Leanim foireann sacair Manchain Aontaithe = i  follow Man Utd.
Caithim go leor ama ag traenáil
buaicphointí = highlights
tráchtaire = comentator
craoladh beo = live broadcast

Tá sé + aidiaicht
díograiseach = determined
díocasach = entusiastic
aclaí = fit

An tslí bheatha a thaitneodh liom


Postanna
fisiteiripeach
altra
fear gnó
úinéir bialainne
cócaire
iriseoir = journalist
feirmeoir caorach

Nathanna Cainte
Ba mhaith liom a bheith féinfhostaithe = selfemployed
Ba bhreá liom a bheith i mo = i would love to be
Thaitneodh liom a bheith ag obair mar  = i would like to work as
Ba mhaith liom ....................................(i would like)
Is breá liom a bheith ag obair le daoine  = i love working with people
Is breá liom a bheith ag cabhrú le daoine = love helping people
Is duine ........................ mé = i am a ...................person
Tá sé ar intinn agam céim (degree) sa ....................... a bhaint amach ar dtús = i intend to get a degree in .......................... first
Agus ansin tá sé i gceist agam  iarchéim  /diplóma a dhéanamh sa...................... = And then i intend to get a postgrad / diploma in ........................
Tuigim gur post dúshlánach é agus tuigim freisin an brú agus an strus a bhaineann leis ach is é sin an dúshlán atá uaim (i want that challenge).   = i understand it challenging and i understand the pressure /stess also but i want that challenge
Tabharfaidh sé an deis taisteal = it will give me the opportunity to travel
Is ........................... í mo .................... My.....................is a .............................
Oibríonn sí i .................................... agus tá ag éirí go maith léi = she works ..........agus is doing well
Rinne mé taithí oibre léi agus thaitin sé go mór liom. = i did work experience with her and loved it
Mar a deir an seanfhocal is maith an scéalaí an aimsir = time will tell

Tar éis na hArdteiste

Táim ag déanamh go leor staidéar do mo chuid scrúdaithe ardteiste faoi láthair.  Tá súil agam go bhfaighidh mé breis agus ceithre chéad pointe.  ........................................... atá curtha síos agam mar chéad rogha ar an bhfoirm CAO. Is cúrsa trí bliana é agus tá an rogha agat bliain sa bhreis (extra) a chaitheamh thar lear.  Ba bhreá liom é sin a dhéanamh agus b'fhéidir beagán taisteal a dhéanamh.  Ba mhaith liom freastal ar Ollscoil ...........................  Táim ag tnúth go mór le saol na hOllscoile. Sílim go mbeidh saol an mhada bháin (saol iontach) agam ansin.  Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall (my very best) na pointí cuí (cearta)  a bhaint amach.

Cúrsaí Difriúla
Na Dána  = Arts
Leigheas = medicine
Múinteoireacht Bunscoile
Altracht = nursing
Staidéar Sóisialta = social studies
Staidéar na mBodhar = Deaf Studies
Múinteoireacht Corpoideachais = PE
Tréidliacht = vetinary
Altracht Tréidliachta = vetinary nursing

Ollscoileanna
Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath  = UCD
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath = DIT
Coláiste na Trionóide
Ollscoil Luimnigh
Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh
Institiúid Teicneolaíochta Mhaigh Eo agus na Gaillimhe
Institiúid  Teicneolaíochta Shligigh
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn = Letterkenny

Nathanna Cainte
Bíonn saol an mhada bháin ag mic léinn ollscoile = students have a great life
Táim ag tnúth go mór le saol na hollscoile = i'm really looking forward to life at university
Déanfaidh mé gach iarracht na pointí cuí a fháil = i'll make every effort to get the nessecary points
Táim ag obair go dian dícheallach do na scrúdaithe ardteiste
Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall torthaí maithe a bhaint amach = i'll do my very best to achieve good results.
Beidh mé ar mhuin na muice má fhaighim mo chéad rogha = i'll be really happy if i get my first choice
Oibreoidh mé go han-dian idir seo agus na scrúdaithe = i will work really hard between now and the exams

3/21/2012

Tar éis na scoile gach lá

Críochnaíonn na ranganna ar a fiche chun a ceathair ó Luan go hAoine.  Téim abhaile ar an mbus scoile. Bím sa bhaile thart ar a fiche tar éis a ceathair de ghnáth.  Ólaim cupán tae agus ithim ceapaire cáise tóstáilte.  Déanaim cuid de m'obair bhaile roimh an dinnéar.  Caithim cúpla uair a chloig ar m'obair bhaile nó ag staidéar tar éis mo dhinnéar.  Bíonn orm (have to) lámh cúnta a thabhairt (give a hand) leis an obair tí.  Tugaim isteach móin don tine.  Déanaim beagáinín glantacháin anois is arís.  Ó, bainim an féar (cut the grass) ó am go ham.  Gach Déardaoin bíonn dianrang (grind) Fraincise agam tar éis na scoile.  Ní bhíonn mórán ama agam chun féachaint ar an teilifís.  Féachaim ar na sobailchláir (soaps) má bhíonn am sa bhreis agam (time to spare).  Téim a choladh thart a haon dhéag agus faoi sin (by then) bím spíonta amach (wrecked).  Bíonn orm éirí ar a seacht a chlog nó mar sin (ish) don scoil.

3/20/2012

Smacht sa scoil


Tá córas maith smachta againn sa scoil seo.  Measaim féin go bhfuil na rialacha scoile cothrom (fair) don chuid is mó.  Níl cead againn a bheith ag pleidhcíocht sna ranganna agus má bhíonn faigheann tú tic sa dialann. Má fhaigheann tú dhá tic sa dialann bíonn tú faoi choinníoll ag am lóin agus má fhaigheann tú trí tic caithfidh tú fanacht istigh tar éis scoile Dé hAoine.  Tá cosc ar bhulaíocht agus ar  chaitheamh tobac.  Ní chuirtear suas le drochbhéasa (bad manners) agus is gá a bheith poncúil (punctual). Ceapaim go bhfuil na rialacha seo tábhachtach d’atmaisféar maith foghlamtha a chruthú sa scoil.  Taitníonn an scoil seo go mór liom  mar tá atmaisféar maith ann agus tá na múinteoirí an-chabhrach agus an-chairdiúil ach ní thaitníonn sé liom nach féidir dul chuig an siopa (an sráidbhaile) ag am lóin.

Áiseanna Oideachais


Tá áiseanna oideachas den scoth sa scoil seo. Tá seomraí ranga breátha againn, saotharlanna (labs), leabharlann breá, seomraí praicticiúla, cistin don eacnamaíocht bhaile agus seomra mór ríomhairí le breis agus (more than) fiche ríomhaire istigh ann. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil na háiseanna an-mhaith sa scoil seo.  Tá an t-ádh dearg linn go mbíonn staidéar tar éis scoile againn ceithre lá sa tseachtain agus tá sé in aisce (free).  Baineann go leor daltaí úsáid as an áis seo. Ó rinne mé dearmad a lua tá taisceadán (locker) ag gach uile dalta chomh maith. Is iontach an áis é sin mar ní chaithfidh muid ár mála scoile a iompar chuig chuile rang.

Áiseanna Spóirt


Níl na háiseanna spóirt thar mholadh beirte (not great) i gColáiste Pobail Acla faraor (unfortunatly).  Tá cúirt cispheile agus seomraí feistis againn ceart go leor.  Tógadh páirc uile aimsir nua anseo i mbliana (this year) ach thairis sin níl mórán áisteanna spóirt againn i ndáiríre.  Úsáidtear an chúirt agus an pháirc uile aimsir ag am sos agus am lóin ach tá siad ró-bheag le haghaidh seisiún traenála peile. Caithfidh an fhoireann peile úsáid a bhaint as an bpáirc peile áitiúil síos an bóthar.  Is measa ar fad é (its worse) nuair a bhíonn sé ag cur báistí mar níl aon áiseanna faoi dhíon (indoor) againn anseo.  Bíonn ar (has to) an múinteoir corpoideachais na ranganna a bheith aici sa halla tionóil (middle area), áit a chuireann an torann as do (bothers) na gnáthranganna.  Mar gheall ar an easpa spáis ní bhíonn aon ranganna corpoideachais ag na sinsir (seniors). Is mór an trua é i ndáiríre.  Sílim nach bhfuil dóthain (enough) béim ar chúrsaí spóirt sa scoil ar chor ar bith. Mar a deir an seanfhocal is fearr na sláinte ná na táinte.

Mo scoil


Táim ag freastal ar Choláiste Pobail Acla.  Is scoil nua í mar rinneadh coláiste Mhic Éil agus Scoil Damhnait ag tús na bliana. Anois tá thart ar dhá chéad caoga dalta sa scoil.  Is é an tUasal Ó Cillghionnáin an príomhoide agus is í Máistreás Uí Ghallachobhair an leaspríomhoide.  Is í an Maistreás Nic Gabhann an séiplíneach sa scoil nua agus is í an Maistreás Ebbs an gairmtreoraí.   Is scoil réasúnta beag í seo agus tá obair tógála ar siúl i láthair na huaire chun breis seomraí ranga a chur ar fáil.  Tá idir cailíní agus buachaillí ag freastal ar an rang.  Tá seacht n-ábhar á dhéanamh agam don Ardteist Déanaim Béarla, Gaeilge, Mata.......................................agus ...........  Is í/é ............................ mo mhúinteoir .....................agus is é/í mo mhúinteoir ........................
Is maith liom ..........mar faighim marcanna arda san ábhair sin agus táim go maith chuige.  Ní thaitníonn .................liom mar sílim gur ábhar deacair é.
Fraincis  : Taitníonn teangacha liom
Ceimic : Is ábhar an-suimiúil ar fad é
Staidéar Foirgníochta : Ní ábhar deacair casta é.  Sílim gur ábhar éasca é.
bitheolaíocht : Is ábhar dúshlánach (challenging ) é
graific teicniúil : Tá mé go maith chuige = good at it
miotalóireacht : is breá liom an obair phraicticiúil.
staidéar gnó: Tá an-spéis agam mo ghnó féin a thosú amach anseo (in future)
cuntasaíocht = accounting  = Is breá liom a bheith ag plé le figiúirí
tíreolaíocht = is breá liom a bheith ag foghlaim faoin timpeallacht.
Ceisteanna Samplacha
Cé atá i  gceannas (in charge) ar an scoil seo?
An scoil bheag í nó an scoil mhór í?
Cén sórt scoil í seo?
Céard iad na hábhair scoile a dhéanann tú?
An ndéanann tú Fraincis nó Gearmáinis?
Cé na hábhair is fearr leat?
An bhfuil aon ábhar nach dtaitníonn leat?


3/16/2012

Réiteach na Faidhbe


seans go gcabhródh . . . it would probably help

le . . . = need

Teastaíonn breis . . . = need more

B’fhiú breathnú ar . . .its worth looking at

Ba cheart . .should

Fadhbanna sa Cheantar


Is ceantar tuaithe é seo agus dá bharr níl an oiread sin fadhbanna sa cheantar seo.  Ach ní shin le rá nach bhfuil aon fhadhbanna sa cheantar seo. 

I ndáiríre, is fadhb mhór í  ólachán faoi aois anseo agus ar fud na hÉireann is dóigh. Bíonn déagóirí chomh hóg le trí bliana déag ag ól faoin dtor (bush drinking) mar a déarfá.  Goideann siad deoch ón gcófrá dí sa bhaile i ngan fhios dá dtuismitheoirí nó iarrann siad ar dhéagóirí níos sine deochanna meisciúla a cheannach dóibh.  An aidhm (aim) atá acu ná a bheith ar meisce.  Feicim é seo chuile dheireadh seachtaine ar an Mala Raithní nó i gCaol ach ní thagann ciall roimh aois (sense doesn’t come before age) is dóigh.

Ní fadhb í an ólachán i measc na n-óg amháin. Is minic go bhfeictear daoine fásta agus iad dallta tar éis oíche a chaitheamh sa teach tábhairne.  Sílim gur fadhb í an rágús óil (binge drinking) do chuile aoisghrúpa sa tír seo.

Is olc liom a ach=  i regret to say

Tá an dífhostaíocht ag dul i méid (increasing) anseo.

B'fhearr liom cónaí sa chathair amach anseo

B'fhearr liom cónaí sa chathair a bhfad mar is ann atá an-chraic agus an spraoi go háirithe agus tú óg.
Ba bhreá liom cónaí i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath nó fiú Nua Eabhrac.
Thig leat. .. = is féidir leat

Is féidir leat do rogha rud a dhéanamh agus ni chuireann sé isteach nó amach ar aon duine.

Thig leat dul chuig imeachtaí éagsúla chuile lá sa tseachtain. Tá an-spéis (suim) agam sa cheol agus d'fhéadfainn dul chuig gigeanna.........!

Tugann sé saoirse duit.  Bíonn deis agat bualadh le daoine éagsúla agus cairde nua a dhéanamh.
Thig leat foghlaim faoi chultúir eile agus caithimh aimsirí nua a thriáil.

•Níl mé in ann tiomáint go fóill agus sa chathair is féidir siúl chuile áit. Ní chaithfidh tú taisteal le freastal ar imeachtaí.

Tá fostaíocht (postanna maithe) ar fáil ann.

Ba mhaith liom a bheith i mo ....... agus is ann atá na deiseanna is fearr. 
Ní bheadh seans agam post a fháil faoin tuath.

Ba mhaith cónaí faoin tuath amach anseo


Arbh fhearr leat a bheith i do chónaí faoin tuath nó sa chathair ?

B’fhearr liom cónaí faoin tuath agus ba mhaith liom filleadh ar Acaill agus mé níos sine.

Mar níl aon tinteán mar do thinteán féin mar a deirtear.

Tá sé síochánta socair agus tá an t-aer glan folláin.

Tá sé slán sábháilte agus is furasta a bheith ar do chompord anseo. 

Baineann an-taitneamh as a bheith mar ball den Cumann Lúthchleas Gaeil agus don bhanna ceoil áitiúil.

Cloisim na héanacha ar maidin agus nuair a osclaím mo chuid cuirtíní ar maidin tá radharc agam ar.......

Is breá liom a bheith taobh amuigh...... 

•Réitím go han-mhaith le mo chuid comharsana

Tá pobal láidir anseo agus tá daoine thar a bheith cabhrach agus cairdiúil.
 
Tá aithne ag gach duine ar a chéile agus is maith an rud é sin.
Is fíor an seanfhocal "is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" (people live in each others shadows)