5/25/2012

Pádraig Mac Suibhne

·        Rugadh Pádraig Mac Suibhne i nDún na nGall sa bhliain 1942.

·        Chuaigh sé le sagartacht agus bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus sa stair in Ollscoil Mhaigh Nuad.

·        Múinteoir iarbhunscoile agus príomhoide ab ea é. 

·        Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige  agus gearrscéalta scríofa aige chomh maith. 

·        Bhí baint mór aige le drámaíocht agus bhíodh sé ag aisteoireacht in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath.

·        Bhíodh páirt aige sa chlár grinn Gleann Ceo chomh maith.

·        Tagann an dán seo ón gcnuasach Solas Uaigneach.

·        Tá an uaigneas agus an moráltacht mar téamaí ina chuid filíochta.

Máirtín Ó Direáin


·       Rugadh Máirtín Ó Direáin in Inis Mór i 1910.

·         D’fhág bás an athar gur bhuachaill goilliúnach (sensitive) a bhí in Máirtín. Sa dán ‘Óige an Fhile’ tugann sé ‘an buachaill aisteach ciúin’ air féin.

·          D’éirigh leis i scrúduithe Oifig an Phoist agus thosaigh ag obair i nGaillimh Eanáir 1928; bhí sé ann go deireadh Iúil 1937.

·         Bhí baint aige leis an Taibhdhearc, amharclann (téatar) i nGaillimh agus bhí páirt aige sa chéad léiriú de Diarmuid agus Gráinne 27 Lúnasa 1928.  Meastar gurbh í an Taibhdhearc a dhúisigh a spéis sa litríocht.

·         Fuair sé post mar oifigeach cléireachais sa státseirbhís i 1937 agus d’aistrigh go Baile Átha Cliath. D’oibrigh sé sa stát-seirbhís ar feadh a shaol.

·         Bhí sé ina bhall de choiste Chumann na Scríbhneoirí óna thús i Meitheamh 1939. Bhí baint aige le Cumann na hÉigse Cois Life. 

·         Ar a chostas féin a foilsíodh na chéad bhailiúcháin dá dhánta, Coinnle Geala, 1942 agus Dánta Aniar, 1943. 

·         Phós sé Áine Colivet i 1945 agus bhí iníon amháin acu, Niamh.  

·         Tá téama an dúchais an-láidir ina chuid filíochta.

·        Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh (honoury degree) air.  Chaith sé an bhliain 1978-79, ina aoi (guest) - léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.

·         Bhuaigh sé an duais  an Ossian-Preis. ‘It is the biggest literary award won by an Irishman since Samuel Beckett won the Nobel Prize’, a dúradh in The Irish Times 8 Deireadh Fómhair 1977.

·        Bronnadh Gradam an Oireachtais air i 1981. Bhí sé ina bhall d’Aosdána ó bunaíodh é.

Nuala Ní Dhomhnaill


·        Rugadh i Lancashire Shasana í sa bhliain 1952. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí.

·        Nuair nach raibh ach cúig bliana d’aois bhog sí go Ceann Trá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne chaith sí tréimhsí i Luimneach agus in Aonach Urmhumhan (Tiobraid Árann) le linn a hóige.

·        D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCnoc na Labhras i gCathair Luimnigh agus bhain sí BA amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh idir 1969 agus 1972.

·         Bhí sí páirteach san irisleabhar litríochta Innti agus tá tionchar na tréimhse sin ina cuid filíochta.

·        Phós sí geolaí Turcach, Dogan Leflef, tar éis di e sin a dhéanamh agus chaith seacht mbliana thar lear. Fuair Nuala post mar mhúinteoir Béarla sa Middle East Technical University nó Orta Doğu Teknik Üniversitesi ("Ollscoil Theicniúil an Mheánoirthir"), in Ancara agus thaitin an tír léi.

·        D'éirigh cúrsaí polaitíochta go dona sa Tuirc bhliain 1980 agus d'fhilleadar ar Éirinn. Tá cónaí ar Ní Dhomhnaill agus a fear céile gar do Bhaile Átha Cliath anois, agus tá ceathrar clainne acu.

·        Sa bhliain 1981 a foilsíodh cnuasach dá fílíocht Ghaeilge den chéad uair: An Dealg Droighin (1981). Glacadh léi mar bhall d'Aosdána. 

·        Samhlaíocht (imagination) agus béaloideas (folklore) agus na sean-amhráin a bhíonn aici mar téamaí.

·        Tá féith an ghrinn (sense of humour) agus an feimineachas mar téamaí aici freisin.

·        Tá go leor duaiseanna buaite aici in Éirinn agus go hidirináisúnta.

Caitlín Maude


·        Ba scríbhneoir, file, aisteoir, amhránaí sean-nóis agus gníomhaí Gaeilge as Ros Muc Conamara í Caitlín Maude.

·        Chuaigh sí go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a ndearna sí staidéar ar an mBéarla, ar an nGaeilge, ar an bhFraincis agus ar an Matamaitic.

·        Chuaigh sí le múinteoireacht tar éis di an chéim a bhaint amach, agus í ag obair i scoileanna éagsúla ar fud na tíre ar feadh tréimhse.

·        Bhí Maude ag plé drámaíocht ó laethanta na meánscoile i leith agus cáil uirthi as páirt Mháire sa dráma An Triail, le Mairéad Ní Ghráda. I mbreis air sin, scríobh sise agus Mícheál Ó hAirtnéide dráma in éineacht, dar teideal An Lasair Choille.

·         Bhí suim aici sa cheol freisin. Sa bhliain 1975, tháinig albam sean-nóis léi, Caitlín, amach ó Ghael-Linn. 

·        Scríobh sí dánta ó bhí sí ina cailín óg, agus dúirt sí féin gurbh í an tSiúr Ailbhe, a bhí ag múineadh Gaeilge di i gColáiste Chroí Mhuire, a thug an chéad spreagadh di dul i mbun pinn.

·        Bhí suim mhór aici i gcúrsaí sóisialta agus polaitíochta. Bhíodh sí páirteach sna mórshiúlta a bhíodh ar siúl ar son na Stailceoirí Ocrais i dTuaisceart Éireann. Scríobh sí dán darbh ainm I m'Áit Dhúchais ó Thuaidh in ómós do Bhobby Sands tar éis dó bás a fháil ar stailc ocrais sa bhliain 1981.

·        Bhunaigh sí club darbh ainm 'An Bonnán Buí' do Ghaeil Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1969 agus bhí sí páirteach i mbunú Scoil Lán-Ghaelach Santain, i dTamhlacht.Phós Caitlín Maude Cathal Ó Luain ar 27 Nollaig 1969. Saolaíodh mac amháin dóibh, darb ainm Caomhán. 

·        Fuair Caitlín Maude bás le hailse ar an 6 Meitheamh 1982. Cuireadh i reilig Sheosaimh í i mBóthar na Bruíne, Contae Átha Cliath.

5/22/2012

Drugaí sna Cluichí Oilimpeacha


Brú

Teastaíonn uathu bonn óir a bhaint amach. Tá siad tiomnaithe (dedicated) don spórt agus déanann siad dearmad ar an saol taobh amuigh de. Tá siad i bhfáinne fí (vicious cycle).  Teastaíonn uathu feabhsú ach seans nach bhfuil an corp in ann é seo a dhéanamh thar pointe áirithe.  Bíonn siad in éad le rath lúthchleasaithe eile.  Casann siad ar shubsaintí mídhleathacha.  Is nós coitianta é seo (common) sa spórt. Má theastaíonn uathu dul chun cinn a dhéanamh caithfidh siad rogha a dhéanamh, íobairt (sacrifice) ar a am pearsanta nó drugaí a thógáil.  Faraor, roghnaíonn go leor drugaí a thógáil in áit glacadh le bonn airgead. Ina measc ............................................................  Tarraingíonn sé drochcháil ar na Cluichí Oilimpeacha agus ar an spórt.

5/14/2012

Bean Uí Chathasaigh


Is duine tiarnúil (domineering) ar a cuid páistí í Bean Uí Chathasaigh.  Cloiseann muid  Máire ag tagairt di (referring to her) le linn di a bheith ag comhrá le Pádraig. Deir Máire dhá rud faoin a Máthair sa radharc seo - nach ligeann sí di dul amach ar rincí agus - go ndeir sí go mbeidh Máire ag dul sna mná rialta,

'….. is amhlaidh is dóigh léi go rachaidh mé sna mná rialta'.

Léiríonn an dá rud seo an srian teann atá ag Bean Uí Chathasaigh ar shaol a hiníne  ní hamháin i láthair na huaire ach sa todhchaí freisin. Ní bheidh rogha ar bith ag Máire i gcúrsaí gairme (post) ach rogha a máthar di. Bhí saol crua ag Bean Uí Chathasaigh.. Fágadh ina baintreach (tá a fear céile marbh) í, b'éigean di (bhí uirthi) na páistí a thógáil léi féin,

' … gan duine a thógfadh lámh chun cuidiú liom. … mo cheann agus mo dhroim crom ó mhaidin go hoíche ag obair agus luain dóibh'

Bíonn sí anuas ar na páistí. Tugann sí amach do Liam toisc go bhfuil sé ag iarraidh a bheith ag siúl amach le Beití de Búrca. Aithníonn na mic go bhfuil sí dian orthu ach go háirithe ar Mháire,

' …….. is déine í ar Mháire ná ar an bheirt againn'. (G7 R7)

Ní thugann sí mórán saoirse do dhuine ar bith acu. Níl ceachtar den bheirt mhac láidir go leor le cur ina haghaidh; taobhann siad léi nuair  a thagann an crú ar an tairne,

'….. Bhí an ceart ag Mam. Bhí an ceart ar fad aici.' (G1, R7).

 Fágtar Máire gan duine ar bith aici nó gan áit ar bith le dul.

Is duine diagrasúil (sanctimonius) í. Casann an lucht éisteachta ar Bhean Uí Chathasaigh don chéad uair i Radharc 4 den chéad Ghníomh (G1, R4) agus í os comhair na cúirte á ceitsiú ag Aturnae 2.

Séanann sí go huile agus go hiomlán 'aon phioc den mhilleán' a ghlacadh uirthi féin.

Ina tuairim féin tá sí creidiúnach (respectable) agus críostaí. Tá sí iomlán cinnte gur chomhlíon sí a dualgais  agus nach bhfuil locht dá laghad uirthi sna cúrsaí seo uilig,

'Thog mise go creidiúnach agus go críostúil í'.

Creideann sí go ndearna sí a chuid dualgaisí gan faille (locht/botúin),

' ... Chuir mé ar an chailín sin an oiliúint is ceart a chur ar chailín críostaí, 'Bhí sí ag dul sna mná rialta'.

De réir dhearcadh na haoise ina mhair sí rinne Bean Uí Chathasaigh gach iarracht a bpáistí a thógáil i gceart, de réir rialacha na heaglaise agus an tsochaí, ach rinneadh neamhaird de (ignored) spioraid na críostaíochta.

Is duine cráifeach (devout) í. Castar orainn í (G1,R7) i gcuideachta a teaghlaigh. Comhlíonann sí nósanna an chreidimh go rialta (an paidrín a rá gach oíche) ach níl mórán de spioraid na Críostaíochta inti.



Déanann sí tagairt do Dhia go minic agus ceapann sí go bhfuil toil Dé á dhéanamh aici,

'Ba é toil Dé m'fhear chéile a thógáil uaim..' / 'Ní haon peaca deireadh a chur le rud neamhghlan - rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine ..' (G1, R4)

Is duine fimíneach (hypocrital) í. Tá sí sásta aon rud a dhéanamh ar son a 'dea-ainm' agus a cuid pleananna a chosaint. Bhí sí go mór faoi thionchar 'tuairim na gcomharsan'.

Ba mhaith léi dul céim níos airde ar an dréimire sóisialta agus ba shin an rud a ghríosaigh í (motivated) chun neamhaird (ignore) a dhéanamh de mhianta (wishes) a páistí agus Máire agus Seán a bhrú i dtreo na heaglaise,

'… Ach is gearr anois go mbeidh toradh gach íobairte le fáil agam., Seán ina shagart, Máire sna mná rialta, agus tusa (Liam) .. i mbun na feirme'. (G1, R7).

Déanann sí iarracht 'deireadh a chur leis an ghin atá fós gan bhreith'. Bheadh sí sásta dá bpósfadh Máire Pádraig a fhad agus go rachaidís go Sasain.

Agus nuair a theipeann ar gach rud mallachtaíonn sí Máire agus tugann striapach uirthi. (G1, R7) Tá sí caolaigeantach (narrow minded) agus ceanndána (stubborn). Fiú ag an deireadh an dráma agus í ina seasamh ag béal na huaighe ina bhfuil coirp a hiníne agus a gariníne ní thagann a mhalairt d'aigne (change of mind) uirthi. Tá sí ar an phort chéanna ar a raibh sí ag an tús,

' … Ní ormsa is cóir aon mhilleán a chur. Thóg mise í go creidiúnach agus go críostúil. Cád eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ?'

Ag an deireadh aithníonn sí le gaois an iar-radhairc ( the wisdom of hindsight) nach raibh raibh sí ábalta rogha ar bith eile a dhéanamh.

Bhí an dearcadh aici ar an saol a thug an sochaí as a dtáinig sí di agus níorbh fhéidir léi rud ar bith eile a dhéanamh ach an rud a rinne sí, mar a deir sí féin,

'Cad eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ?'

Trí charachtar Bhean Uí Chathasaigh nochtann sí luachanna shóchaí na linne a raibh tuismitheoirí mar chuid de agus a raibh an chéimíocht ar an dréimire sóisialta níos tábhachtaí dóibh ná gaol grámhar a bheith acu lena bpáistí féin. Cáineann (critisises) Máiréad Ní Ghráda Éire agus Éireannaigh na haoise go láidir.

5/03/2012

An Triail : Ceisteanna Scrúdaithe


1.     “Bíonn dualgaisí (duties) agus freagrachtaí (responsibilities) ag baint le ról na máthar i gcónaí agus is léir gur theip ar (they failed) bheirt máthaireacha maidir leis na gnéithe seo (aspects) dá gcúram (care) sa dráma seo”  Déan plé ar an ráiteas sin.

 2. Tionchar (influence) an imní agus an náire ar imeachtaí (events) an dráma An Triail a phlé.             

3. “Ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán (blame) a chur” Déan plé ar an ráiteas sin 

4. “Fásann príomhchoimhlintí (conflicts) an dráma as lochtanna nó duáilcí (faults) daonna (daoine) sa dráma An Triail.”  Déan plé ar an ráiteas seo. 

5. “Léiríonn na pearsana Pádraig agus Mailí dhá thaobh contrártha (difriúil) den saol inar mhair Máire Ní Chathasaigh.” Déan plé ar an ráiteas. 

6. “Tugann an Triail léargas dúinn (a viewpoint) ar na bealaí (ways ) ar chaitheadh le (treated) máthair singil sna seascaidí.” Déan plé ar an ráiteas.


An Triail: Cé atá ciontach?

An Triail - Cé tá ciontach ?

Is í Máire Ní Chathasaigh príomhcharachtar an dráma An Triail. Cailín simplí soineanta neamhurchóideach tuaithe atá inti nuair a chastar orainn í sna hiar-radharcanna go luath sa chéad ghníomh den dráma.
Socraíonn a máthair a saol di agus deir sí le Pádraig go bhfuil sí ag dul isteach sna mná rialta toisc go ndúirt a máthair go raibh sí le sin a dhéanamh. Níor chaith sí mórán ama ag rincí roimh an oíche sin i dteach na scoile de thairbhe nár lig a máthair di dul amach ar rincí. Níl mórán de thaithí saoil aici agus í fosta go mór faoi thionchar a máthar.
Is doiligh a chreidiúint go dtiocfadh le duine a bheith chomh mór sin faoi thionchar duine eile ach is fiú a chur san áireamh ag an phointe seo agus sinn ag plé le carachtair An Triail nach mbíonn siad forbartha mar a bheadh carachtair i ndráma fada nó in úrscéal.

Is minic nach mó ná gearrthóga cairtchláir iad dáiríre a mbíonn cúpla tréith ar léith acu ach gur minic gur tábhachtaí a sheasann siad dó ná an carachtarachtaí féin. Is minic ann dóibh le gné morálta a shoiléiriú don lucht éisteachta.
Ach mar sin féin tá an misneach aici dul in éadan toil a máthar agus glacadh leis an chaidreamh le Pádraig. Tá sé furasta ag léithéidí Phádraig cailín mar Mháire a mhealladh lena chuid focal fileata,

'Feach solas na gealaí ag déanamh airgead geal leáite d'uisce na habhann'.

Titeann sí faoi dhraíocht a bhréaga,

…… Leis an bhfáinne seo déanaim tú a phósadh …. Anois, táimid pósta. Is tú mo bhean feasta. Is tú mo bhean chéile …..'

Cuireann Pádraig dallamullóg uirthi agus níl aon chosaint aici air. Lúbann sé agus múnlaíonn sé í lena thoil féin. Nuair a éiríonn Máire torrach fágtar san fhaopach í go huile agus go hiomlán. Níl duine ar bith ann le grá nó tacaíocht a thabhairt di.
Amhail a deartháireacha, séanann a máthair féin a dualgaisí i léith Mháire.

' … ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur.'

Chan amháin sin ach déanann sí iarracht deireadh a chur leis an ghin atá fós gan breith. Lig an teaghlach, buninstitiúid an tsochaí Éireannaigh mar a bhí ag an am agus bunchloch na hEaglaise Caitlicí leis, síos í gur fágadh í gan chara gan chosaint ag bráth uirthi féin.
Fágann an sochaí a mhúnlaigh í le bheith in díol íde ag an chéad fhear a tháinig a bealach ar an bhlár folamh í. B'fhearr leis an sagart cloí leis na rialacha ná grá Dé a léiriú don chailín sa riocht ina bhfuil sí.

Ach is duine misniúil dílis í Mháire agus fís aici ina fheiceann sí í féin, Pádraig, agus an leanbh atá á iompar aici le chéile san am atá roimpi. Tugann an fhís seo an misneach di le cúl a thabhairt ar a teaghlach agus ar a cheantar féin,

' … An ród atá romham caithfidh mé aghaidh a thabhairt air i m'aonar.'

Tá sé de mhisneach aici dul in aghaidh chomhairle shearbhónta an Stáit atá gan tuiscint di agus diúltaíonn sí a leanbh a thabhairt uaithi chun uchtaithe. Tá Máire sasta cónaí anaithnid agus jab a ghlacadh i monarcha greim a choinneáil ina béal féin agus i mbéal a linbh.
I ndeireadh na dála déanann sí cinneadh morálta a ghlacann iomlán a chuid misnigh - roghnaíonn sí an bás dá leanbh agus di féin ina áit maireachtáil i sochaí nach bhfuil sásta grá teaghlaigh grá leannáin, tacaíocht daonna, nó aitheantas oifigiúil a léiriú di mar mháthair a linbh féin. Dúntar gach doras ina haghaidh de phlab.
Nach íoróineach atá sé gurbh í an striapach, Mailí, agus an t-amadán Seáinín an Mótar atá ina dhíol magaidh ag na striapaigh iad féin, an bheirt atá ag fíorbhun an dréimire sóisialta an t-aon bheirt sa sochaí a léiríonn grá críostúil di. Is léir do Sheainín an riocht ina bhfuil sí,

'Cé a deir gur tír chríostaí í seo ?' (lch. 75)

Má tá guth an drámadóra le cluinstin sa dráma seo is é Seáinín a labhrann ar a son,

'Agus na mná sin ag faire ort agus gan barr méire á ardú ag aon duine acu chun fóirithint ort …' (lch. 75)

Níl fócas an dráma go huile agus go hiomlán ar thragóid an phríomhcharachtair, sceitear an solas ar an teaghlach, ar an fhear, ar an Eaglais, agus ar an Stát.
Ní Máire Ní Chathasaigh atá ar ardán na fiannaise ach an sochaí as ar eascair sí, an sochaí a mhúnlaigh í le

' … bheith ina hóinsín beag ghéilliuil ag aon fhear.'

Tuigeann an lucht éisteachta cé tá ciontach sa '…. ghníomh gránna, danartha, gníomh a iarrann díoltas ó Dhia, agus ó dhaoine.'