1/30/2013

“Mo Ghrá-sa idir Lúibíní”

Téama

Is é an fíorghrá in áit an rómánsúlacht téama an dáin seo. Tá an file, Nuala Ní Dhomhnaill, ag déanamh mug magadh ar an románsúlacht, foirfeacht agus dathúlacht atá le feiceáil sna hamhrán agus sna dánta grá. Teastaíonn uaithi  an difríocht idir an grá rómánsúil agus an fíorghrá a léiriú dúinn.

I rann a haon déanann an file tagairt do shamhail as an amhrán grá Mainistir na Búille “Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní a bhíonn ar an Droighneán Donn.”  Bréagnaíonn sí an ráiteas seo (finds the statement false).  Níl a stór féin cosúil le bláth bán na n-airní, foirfe, gan locht agus gan fadhb.  A mhalairt (opposite) atá fíor is gnáthfhear é le lochtanna agus fadhbanna.

 I rann a dó luann an file an nóinín, bláth álainn bán, siombail na foireachta simplí ach deir sí nach bhfuil baint ar bith ag a grá geal le háilleacht an bhláith sin.  Baineann an file úsáid as meafar anseo chun an fhírinne a theaspáint dúinn. An t-aon uair a bheadh nasc aige leis ná nuair a bheidh sé básaithe (marbh) “ocht dtroigh síos” agus daoine á mholadh go hard na spéire tar éis a bháis. Is ansin a bheadh a thréithe agus a phearsantacht á mholadh ach tuigeann an file nach bhfuil sé foirfe:

 I rann a trí baineann an file úsáid as codarsnacht greannmhar le hinsint dúinn faoi súile a grá geal.  Ní bhíonn sé ag féachaint go rómánsúil isteach ina shúile gorma “ní haon ghlaise ceolmhar iad” agus í faoi draíocht ag ceol an ghrá. Deir sí lom díreach amach linn go bhfuil siad an-ghar dá chéile “ró-chóngarach dá chéile”.  Is íomhá an-ghreannmhar é seo.

I rann a ceathair baineann an file úsáid as samhail   le cur síos a dhéanamh ar ghruaig a fear. Níl aon cosúlacht idir é agus gruaig mín síodúil. Is mó cosúil le sreangán dheilgneach é. Tá sé catach, garbh agus fiáin mar ghruaig cosúil le gruaig na mná as dán William Shakespeare.

 “Agus más slim é síoda

Tá ribí a ghruaige

(mar bhean dhubh Shakespeare)

Ina wire deilgní…”

I rann a cúig léiríonn an file a mothúcháin féin dúinn go soléir. Is cuma léi faoi dhathúlacht, foirfeacht agus rómánsúlacht a ghrá.   Léiríonn sí na rudaí is mó tábhacht di tríd na siombail (meafair) sa rann seo.  Is meafair (siombail) iad na húlla agus na caora finiúna dá iompar (behavior), dá chineáltas (kindness) agus dá fhlaithiúlacht (generosity).  Tugann sé eolas nó “úlla” di mar a thug an t-úll do Éabha (Eve) agus nuair a bhíonn áthas air féin tugann sé ríméad (joy) “caora finiúna” di.

 
…nuair a bhíonn dea-ghiúmar air.. caora fíniúna”

 
Gan amhras, is é an fíorghrá in áit an rómánsúlacht is téama den dán seo.