5/14/2012

Bean Uí Chathasaigh


Is duine tiarnúil (domineering) ar a cuid páistí í Bean Uí Chathasaigh.  Cloiseann muid  Máire ag tagairt di (referring to her) le linn di a bheith ag comhrá le Pádraig. Deir Máire dhá rud faoin a Máthair sa radharc seo - nach ligeann sí di dul amach ar rincí agus - go ndeir sí go mbeidh Máire ag dul sna mná rialta,

'….. is amhlaidh is dóigh léi go rachaidh mé sna mná rialta'.

Léiríonn an dá rud seo an srian teann atá ag Bean Uí Chathasaigh ar shaol a hiníne  ní hamháin i láthair na huaire ach sa todhchaí freisin. Ní bheidh rogha ar bith ag Máire i gcúrsaí gairme (post) ach rogha a máthar di. Bhí saol crua ag Bean Uí Chathasaigh.. Fágadh ina baintreach (tá a fear céile marbh) í, b'éigean di (bhí uirthi) na páistí a thógáil léi féin,

' … gan duine a thógfadh lámh chun cuidiú liom. … mo cheann agus mo dhroim crom ó mhaidin go hoíche ag obair agus luain dóibh'

Bíonn sí anuas ar na páistí. Tugann sí amach do Liam toisc go bhfuil sé ag iarraidh a bheith ag siúl amach le Beití de Búrca. Aithníonn na mic go bhfuil sí dian orthu ach go háirithe ar Mháire,

' …….. is déine í ar Mháire ná ar an bheirt againn'. (G7 R7)

Ní thugann sí mórán saoirse do dhuine ar bith acu. Níl ceachtar den bheirt mhac láidir go leor le cur ina haghaidh; taobhann siad léi nuair  a thagann an crú ar an tairne,

'….. Bhí an ceart ag Mam. Bhí an ceart ar fad aici.' (G1, R7).

 Fágtar Máire gan duine ar bith aici nó gan áit ar bith le dul.

Is duine diagrasúil (sanctimonius) í. Casann an lucht éisteachta ar Bhean Uí Chathasaigh don chéad uair i Radharc 4 den chéad Ghníomh (G1, R4) agus í os comhair na cúirte á ceitsiú ag Aturnae 2.

Séanann sí go huile agus go hiomlán 'aon phioc den mhilleán' a ghlacadh uirthi féin.

Ina tuairim féin tá sí creidiúnach (respectable) agus críostaí. Tá sí iomlán cinnte gur chomhlíon sí a dualgais  agus nach bhfuil locht dá laghad uirthi sna cúrsaí seo uilig,

'Thog mise go creidiúnach agus go críostúil í'.

Creideann sí go ndearna sí a chuid dualgaisí gan faille (locht/botúin),

' ... Chuir mé ar an chailín sin an oiliúint is ceart a chur ar chailín críostaí, 'Bhí sí ag dul sna mná rialta'.

De réir dhearcadh na haoise ina mhair sí rinne Bean Uí Chathasaigh gach iarracht a bpáistí a thógáil i gceart, de réir rialacha na heaglaise agus an tsochaí, ach rinneadh neamhaird de (ignored) spioraid na críostaíochta.

Is duine cráifeach (devout) í. Castar orainn í (G1,R7) i gcuideachta a teaghlaigh. Comhlíonann sí nósanna an chreidimh go rialta (an paidrín a rá gach oíche) ach níl mórán de spioraid na Críostaíochta inti.



Déanann sí tagairt do Dhia go minic agus ceapann sí go bhfuil toil Dé á dhéanamh aici,

'Ba é toil Dé m'fhear chéile a thógáil uaim..' / 'Ní haon peaca deireadh a chur le rud neamhghlan - rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine ..' (G1, R4)

Is duine fimíneach (hypocrital) í. Tá sí sásta aon rud a dhéanamh ar son a 'dea-ainm' agus a cuid pleananna a chosaint. Bhí sí go mór faoi thionchar 'tuairim na gcomharsan'.

Ba mhaith léi dul céim níos airde ar an dréimire sóisialta agus ba shin an rud a ghríosaigh í (motivated) chun neamhaird (ignore) a dhéanamh de mhianta (wishes) a páistí agus Máire agus Seán a bhrú i dtreo na heaglaise,

'… Ach is gearr anois go mbeidh toradh gach íobairte le fáil agam., Seán ina shagart, Máire sna mná rialta, agus tusa (Liam) .. i mbun na feirme'. (G1, R7).

Déanann sí iarracht 'deireadh a chur leis an ghin atá fós gan bhreith'. Bheadh sí sásta dá bpósfadh Máire Pádraig a fhad agus go rachaidís go Sasain.

Agus nuair a theipeann ar gach rud mallachtaíonn sí Máire agus tugann striapach uirthi. (G1, R7) Tá sí caolaigeantach (narrow minded) agus ceanndána (stubborn). Fiú ag an deireadh an dráma agus í ina seasamh ag béal na huaighe ina bhfuil coirp a hiníne agus a gariníne ní thagann a mhalairt d'aigne (change of mind) uirthi. Tá sí ar an phort chéanna ar a raibh sí ag an tús,

' … Ní ormsa is cóir aon mhilleán a chur. Thóg mise í go creidiúnach agus go críostúil. Cád eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ?'

Ag an deireadh aithníonn sí le gaois an iar-radhairc ( the wisdom of hindsight) nach raibh raibh sí ábalta rogha ar bith eile a dhéanamh.

Bhí an dearcadh aici ar an saol a thug an sochaí as a dtáinig sí di agus níorbh fhéidir léi rud ar bith eile a dhéanamh ach an rud a rinne sí, mar a deir sí féin,

'Cad eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ?'

Trí charachtar Bhean Uí Chathasaigh nochtann sí luachanna shóchaí na linne a raibh tuismitheoirí mar chuid de agus a raibh an chéimíocht ar an dréimire sóisialta níos tábhachtaí dóibh ná gaol grámhar a bheith acu lena bpáistí féin. Cáineann (critisises) Máiréad Ní Ghráda Éire agus Éireannaigh na haoise go láidir.

No comments:

Post a Comment