5/03/2012

An Triail: Cé atá ciontach?

An Triail - Cé tá ciontach ?

Is í Máire Ní Chathasaigh príomhcharachtar an dráma An Triail. Cailín simplí soineanta neamhurchóideach tuaithe atá inti nuair a chastar orainn í sna hiar-radharcanna go luath sa chéad ghníomh den dráma.
Socraíonn a máthair a saol di agus deir sí le Pádraig go bhfuil sí ag dul isteach sna mná rialta toisc go ndúirt a máthair go raibh sí le sin a dhéanamh. Níor chaith sí mórán ama ag rincí roimh an oíche sin i dteach na scoile de thairbhe nár lig a máthair di dul amach ar rincí. Níl mórán de thaithí saoil aici agus í fosta go mór faoi thionchar a máthar.
Is doiligh a chreidiúint go dtiocfadh le duine a bheith chomh mór sin faoi thionchar duine eile ach is fiú a chur san áireamh ag an phointe seo agus sinn ag plé le carachtair An Triail nach mbíonn siad forbartha mar a bheadh carachtair i ndráma fada nó in úrscéal.

Is minic nach mó ná gearrthóga cairtchláir iad dáiríre a mbíonn cúpla tréith ar léith acu ach gur minic gur tábhachtaí a sheasann siad dó ná an carachtarachtaí féin. Is minic ann dóibh le gné morálta a shoiléiriú don lucht éisteachta.
Ach mar sin féin tá an misneach aici dul in éadan toil a máthar agus glacadh leis an chaidreamh le Pádraig. Tá sé furasta ag léithéidí Phádraig cailín mar Mháire a mhealladh lena chuid focal fileata,

'Feach solas na gealaí ag déanamh airgead geal leáite d'uisce na habhann'.

Titeann sí faoi dhraíocht a bhréaga,

…… Leis an bhfáinne seo déanaim tú a phósadh …. Anois, táimid pósta. Is tú mo bhean feasta. Is tú mo bhean chéile …..'

Cuireann Pádraig dallamullóg uirthi agus níl aon chosaint aici air. Lúbann sé agus múnlaíonn sé í lena thoil féin. Nuair a éiríonn Máire torrach fágtar san fhaopach í go huile agus go hiomlán. Níl duine ar bith ann le grá nó tacaíocht a thabhairt di.
Amhail a deartháireacha, séanann a máthair féin a dualgaisí i léith Mháire.

' … ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur.'

Chan amháin sin ach déanann sí iarracht deireadh a chur leis an ghin atá fós gan breith. Lig an teaghlach, buninstitiúid an tsochaí Éireannaigh mar a bhí ag an am agus bunchloch na hEaglaise Caitlicí leis, síos í gur fágadh í gan chara gan chosaint ag bráth uirthi féin.
Fágann an sochaí a mhúnlaigh í le bheith in díol íde ag an chéad fhear a tháinig a bealach ar an bhlár folamh í. B'fhearr leis an sagart cloí leis na rialacha ná grá Dé a léiriú don chailín sa riocht ina bhfuil sí.

Ach is duine misniúil dílis í Mháire agus fís aici ina fheiceann sí í féin, Pádraig, agus an leanbh atá á iompar aici le chéile san am atá roimpi. Tugann an fhís seo an misneach di le cúl a thabhairt ar a teaghlach agus ar a cheantar féin,

' … An ród atá romham caithfidh mé aghaidh a thabhairt air i m'aonar.'

Tá sé de mhisneach aici dul in aghaidh chomhairle shearbhónta an Stáit atá gan tuiscint di agus diúltaíonn sí a leanbh a thabhairt uaithi chun uchtaithe. Tá Máire sasta cónaí anaithnid agus jab a ghlacadh i monarcha greim a choinneáil ina béal féin agus i mbéal a linbh.
I ndeireadh na dála déanann sí cinneadh morálta a ghlacann iomlán a chuid misnigh - roghnaíonn sí an bás dá leanbh agus di féin ina áit maireachtáil i sochaí nach bhfuil sásta grá teaghlaigh grá leannáin, tacaíocht daonna, nó aitheantas oifigiúil a léiriú di mar mháthair a linbh féin. Dúntar gach doras ina haghaidh de phlab.
Nach íoróineach atá sé gurbh í an striapach, Mailí, agus an t-amadán Seáinín an Mótar atá ina dhíol magaidh ag na striapaigh iad féin, an bheirt atá ag fíorbhun an dréimire sóisialta an t-aon bheirt sa sochaí a léiríonn grá críostúil di. Is léir do Sheainín an riocht ina bhfuil sí,

'Cé a deir gur tír chríostaí í seo ?' (lch. 75)

Má tá guth an drámadóra le cluinstin sa dráma seo is é Seáinín a labhrann ar a son,

'Agus na mná sin ag faire ort agus gan barr méire á ardú ag aon duine acu chun fóirithint ort …' (lch. 75)

Níl fócas an dráma go huile agus go hiomlán ar thragóid an phríomhcharachtair, sceitear an solas ar an teaghlach, ar an fhear, ar an Eaglais, agus ar an Stát.
Ní Máire Ní Chathasaigh atá ar ardán na fiannaise ach an sochaí as ar eascair sí, an sochaí a mhúnlaigh í le

' … bheith ina hóinsín beag ghéilliuil ag aon fhear.'

Tuigeann an lucht éisteachta cé tá ciontach sa '…. ghníomh gránna, danartha, gníomh a iarrann díoltas ó Dhia, agus ó dhaoine.'

No comments:

Post a Comment