·
Rugadh i Lancashire Shasana í sa bhliain
1952. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí.
·
Nuair nach raibh ach cúig bliana d’aois
bhog sí go Ceann Trá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne chaith sí tréimhsí i
Luimneach agus in Aonach Urmhumhan (Tiobraid Árann) le linn a hóige.
·
D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCnoc na
Labhras i gCathair Luimnigh agus bhain sí BA amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh idir 1969 agus 1972.
·
Bhí sí páirteach san irisleabhar litríochta
Innti agus tá tionchar na tréimhse sin ina cuid filíochta.
·
Phós sí geolaí Turcach, Dogan Leflef,
tar éis di e sin a dhéanamh agus chaith seacht mbliana thar lear. Fuair Nuala
post mar mhúinteoir Béarla sa Middle East Technical University nó Orta Doğu
Teknik Üniversitesi ("Ollscoil Theicniúil an Mheánoirthir"), in
Ancara agus thaitin an tír léi.
·
D'éirigh cúrsaí polaitíochta go dona sa
Tuirc bhliain 1980 agus d'fhilleadar ar Éirinn. Tá cónaí ar Ní Dhomhnaill agus
a fear céile gar do Bhaile Átha Cliath anois, agus tá ceathrar clainne acu.
·
Sa bhliain 1981 a foilsíodh cnuasach dá
fílíocht Ghaeilge den chéad uair: An Dealg Droighin (1981). Glacadh léi mar
bhall d'Aosdána.
·
Samhlaíocht (imagination) agus
béaloideas (folklore) agus na sean-amhráin a bhíonn aici mar téamaí.
·
Tá féith an ghrinn (sense of humour)
agus an feimineachas mar téamaí aici freisin.
·
Tá go leor duaiseanna buaite aici in
Éirinn agus go hidirináisúnta.
No comments:
Post a Comment